Is oth le Ceol Nua Bhaile Átha Cliath 2018 a chur in iúl gur gá na ceolchoirmeacha agus na himeachtaí a bhí le bheith ar siúl Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh a chur ar ceal mar gheall ar chúinsí aimsire agus an chaoi a ndeachaigh an aimsir i bhfeidhm ar chúrsaí taistil, ar ghnéithe lóistíochta agus ar sheisiúin chleachtaidh a eagrú.
Ba mhaith linn leithscéal a ghabháil le custaiméirí, le rannpháirtithe agus le foireann Cheol Nua Bhaile Átha Cliath as an míchaoithiúlacht. Ní maith linn díomá a chur oraibh. Togra mór ba ea an fhéile dúinn ar fad agus ní ba mhó ná 540 duine in ainm is taispeántas a dhéanamh ag 26 imeacht ar 10 stáitse le linn na gceithre lá.
B’ábhar mór misnigh dúinn an freagra bríomhar a fuarthas ar an gclár ó na ceoltóirí agus cumadóirí iontacha agus ní ba thábhachtaí fós, ón bpobal. Déanfar iarracht na himeachtaí a bhí mar chuid d’fhéile Cheol Nua Bhaile Átha Cliath 2018 a chur ar siúl níos deireanaí sa bhliain: cuirfear sonraí i dtaca leis seo ar fáil in am is i dtráth.
Anuas air sin, thug an dea-thoil a cuireadh in iúl dúinn ardú croí dúinn agus táimid meáite ar chlár a leagan amach don bhliain 2019 a rachaidh i gcion ar intinní agus ar chluasa fiosracha.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na heagraíochtaí lena dtugtar an fhéile seo chun críche: go háirithe lucht bainistíochta agus foireann an Cheolárais Náisiúnta agus na ceoltóirí agus foirne a bhaineann le ceolfhoirne, cóir agus ceathairéid RTÉ agus RTÉ lyric fm, a d’oibrigh i gcomhar leis an bhféile chun eispéiris iontacha cheoil a phleanáil don lucht éisteachta; chomh maith leis an tacaíocht airgeadais agus an tacaíocht mhorálta a thug an Chomhairle Ealaíon dúinn.
Cuireann Ceol Nua Bhaile Átha Cliath in iúl go n-aisíocfar an t-airgead a íocadh as ticéid sna laethanta atá amach romhainn. Lean Ceol Nua Bhaile Átha Cliath ar na meáin shóisialta (Facebook, Twitter, Instagram) chun an nuacht is déanaí a fháil.
←Fill ar ais go dtí an nuacht