Beidh ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon ag fáil tacaíochta ar fud na tíre in 2021, agus feidhmeoidh a gcuid saothair mar threoir agus spreagadh do shochaí na hÉireann agus muid ag teacht aniar ón bpaindéim, a dúirt an Chomhairle Ealaíon inniu.
Agus a dheontas státchiste méadaithe go €130 milliún, dúirt an ghníomhaireacht rialtais do chistiú agus forbairt na n-ealaíon, cé go raibh an earnáil ag fulaingt as cuimse le linn na géarchéime sláinte, go bhfuil na céadta ealaíontóirí agus cleachtóirí cheana féin ag beartú agus ag saothrú ealaíne den scoth a chuirfear i láthair don phobal sna míonna beaga amach romhainn.
Agus í ag fógairt a príomhbhabhta Maoinithe Straitéisigh, dúirt an Chomhairle go ndéanfadh sí infheistíocht €46.1 milliún i 105 príomheagraíocht ealaíon ar fud na tíre, ina measc Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath, Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann i Luimneach, Macnas i nGaillimh, Féile Lárshamhraidh Chorcaí, Spraoi Phort Láirge agus Teaċ Daṁsa i gCiarraí.
Cisteofar 43 ionad ealaíon i ngach réigiún den tír le €7.8 milliún breise, idir An Grianán i nDún na nGall agus Amharclann an Gharáiste i Muineachán agus Ionad Ealaíon Dhún Másc i Laois, Glór sa Chlár, agus Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí i Sciobairín.
Dúirt an Chomhairle ina theannta sin sna seachtainí beaga amach romhainn, go ndámhfadh sí tuairim is €10.7 milliún ar eagraíochtaí ealaíon trína Clár Maoinithe Deontais do na hEalaíona; €2 mhilliún ar fhéilte níos lú i mbeagnach gach aon chontae trí Scéim Infheistíochta na bhFéilte; agus réimse tacaíochtaí eile ar eagraíochtaí ealaíon atá ag streachailt le teacht slán as paindéim Covid-19. I gcás ealaíontóirí aonair beidh tuairim is €10.5 milliún ar fáil do sparánachtaí; €5.6 milliún trí Dhámhachtain Lúfaireachta nua; chomh maith le maoiniú méadaithe do choimisiúin agus tionscadail.
Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon Maureen Kennelly: “Tá an infheistíocht phoiblí mhéadaithe ag cur lenár gcumas tacú le pleananna uaillmhianacha ar fud na tíre agus chun a chinntiú go mairfidh croí-bhonneagar an tírdhreacha ealaíon tríd an tréimhse is dúshlánaí dá bhfaca sé riamh. Tá príomheagraíochtaí na hÉireann ag léiriú leibhéil samhlaíochta agus solúbthachta iontacha ina gcuid pleanála, agus táimid muiníneach go dtacóidh na cinntí maoinithe seo leo teacht aniar níos fearr agus teacht ar an lucht féachana is leithne agus is féidir.”
Dúirt an Chomhairle go raibh sí fós tiomanta do thús áite a thabhairt don dá bheartas a thug sí chun suntais in 2020. Is ionann an dá bheartas sin agus Luach Saothair don Ealaíontóir, atá deartha le luach saothair cóir a áirithiú d’ealaíontóirí, agus Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht, a bhfuil an aidhm leis go mbeadh earnáil na n-ealaíon níos cothroime agus go bhfaighfí léiriú níos fearr ar shochaí na hÉireann trí chéile inti.
“Táthar tar éis an dá bheartas thábhachtacha sin a chomhtháthú lenár gcláir mhaoinithe, agus ní mór do gach duine a fhaigheann infheistíocht ón gComhairle Ealaíon aontú lena gcion a dhéanamh na beartais sin a leabú ina ngníomhaíocht”, a dúirt Maureen Kennelly.
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter: “Is í ar sprioc sa bhliain rídhúshlánach seo, ní hamháin go dtiocfadh na healaíona slán ón bpaindéim, ach go mbeadh cruthaitheacht agus saothar ár n-ealaíontóirí agus ár n-eagraíochtaí ealaíon ag croílár na hathbheochana agus na hathnuachana dár sochaí. Creidimid go gcuireann an leibhéal nua maoinithe bliantúil €130 milliún don Chomhairle Ealaíon ón Rialtas ar ár gcumas an méid sin a bhaint amach.”
Dheimhnigh an Chomhairle Ealaíon go leanfadh a clár fíor-rathúil “Scoileanna Ildánacha” ar aghaidh i mbun feidhme in 2021-22, le méadú ar líon na scoileanna rannpháirteacha chuig níos mó ná 150 agus maoiniú €3 mhilliún ar fáil dó.
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., fáilte roimh an bhfógairt, agus dúirt sí go mbeidh tionchar an-dearfach ag infheistíocht €130 milliún na Comhairle Ealaíon in 2021 agus gur ríthábhachtach é an maoiniú chun cuidiú le slánú agus le bláthú na n-ealaíon in 2021.
“Léiríodh dúinn le linn na paindéime a thábhachtaí agus atá na healaíona dár saol go léir. An maoiniú a cuireadh ar fáil don Chomhairle i mbliana, nach bhfacthas a mhacasamhail roimhe seo -- a shlánaigh mé i gCáinaisnéis 2021 -- cuideoidh sé leis na healaíontóirí agus eagraíochtaí atá thíos go mór leis an bpaindéim chun coinneáil orthu ag imeacht,” a dúirt an tAire Martin. “Ní rachaidh na cistí chuig na heagraíochtaí ealaíon agus ealaíontóirí aonair amháin, ach rachaidh siad i dtreo féilte beaga, scoileanna ildánacha agus iarratasóirí éagsúla ar fud na tíre.”
Mar chuid dá n-iarratais le haghaidh Maoinithe d’Ionaid Ealaíon agus Maoiniú Straitéiseach, dúirt eagraíochtaí go ndéanfaidís le chéile níos mó ná 35,000 post a chothabháil, agus rinne siad tuar go gcruthófaí 250,000 imeacht nó mír ealaíne le 24 milliún “teagmháil” – nuair a thagann ball den phobal i dteagmháil leis an saothar.
Dúirt an Chomhairle Ealaíon go gceadófaí leis na deontais Mhaoinithe Straitéisigh do phríomheagraíochtaí fanacht i mbun gnó le linn na míonna deireanacha den phaindéim, dul i ngleic le tírdhreach athraitheach, agus a saothar a athnuachan don am amach romhainn.
Agus éiginnteacht leanúnach ann i ndáil le cathain a bheidh lucht féachana in ann freastal go fisiciúil ar thaibhiúcháin agus ar thaispeántais, tháinig an tsolúbthacht agus lúfaireacht chun casadh ar mhalairtí digiteacha aníos mar théama láidir sna cláir á moladh ag príomheagraíochtaí ealaíon na tíre.
I measc na 148 eagraíocht a fhaigheann Maoiniú Straitéiseach nó Maoiniú d’Ionaid Ealaíon tá:
Amharclann na Mainistreach, €7.5 milliún
Amharclann Druid, €1.04 milliún
Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann, €1.2 milliún
Féile Cheoldrámaíochta Loch Garman, €1.6 milliún
Na Píobairí Uilleann, €498,000
Spraoi, €385,000
Féile Lárshamhraidh Chorcaí, €350,000
The Stinging Fly, €152,000
Macnas, €315,000
Ionad Ealaíon Project, €855,000
D’fháiltigh eagraíochtaí ealaíon roimh an maoiniú:
T.V. Honan, Stiúrthóir Spraoi Phort Láirge:
“Cora crua an tsaoil a chonaic léiritheoirí ealaíon anuraidh. A bhuíochas don Mhaoiniú Straitéiseach ón gComhairle Ealaíon in 2021 beidh Spraoi ag cur ceachtanna a foghlaimíodh i bhfeidhm lena chinntiú go dtairgfear na healaíona beo dár bpobal atá tuillte acu agus de dhíth orthu i ré COVID. Is é cúram Spraoi naisc a thógáil idir ealaíontóirí agus lucht féachana. Infheistíocht atá i Maoiniú Straitéiseach na Comhairle Ealaíon i mbonneagar na scéalaíochta. Ní ghabhann Spraoi aon leithscéal as a bheith pobalach. Is leis an infheistíocht ón gComhairle Ealaíon a léirímid an ealaín do dhaoine agus le daoine, lenar féidir spreagadh a thabhairt don chroí agus don aigne, beag beann ar chúlra duine.”
Lorraine Maye, Stiúrthóir, Féile Lárshamhraidh Chorcaí:
Baineann ríthábhacht leis an Maoiniú Straitéiseach d’Fhéile Lárshamhraidh Chorcaí. Chuir sé ar chumas pobal i gCorcaigh a gcuid scéalta a insint trínár gclár gníomhaíochtaí a bhfuil rannpháirtíocht shóisialta iontu; cruthaíodh spás leis d’ealaíontóirí Éireannacha fíorchumasacha atá ag teacht chun cinn i ngach cineál ealaíne chun forbairt a dhéanamh agus a gcuid saothair a chur ar ardán; agus tógadh comhpháirtíochtaí idir an fhéile agus eagraíochtaí eile ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Áiritheofar lenár maoiniú do 2021 gur féidir linn coinneáil orainn ag forbairt tionscadal go díreach le pobail, ag comhshaothrú le healaíontóirí agus eagraíochtaí Éireannacha agus idirnáisiúnta chun saothar bríomhar nua a fhorbairt agus clár cumaiscthe idir imeachtaí beo agus digiteacha a chur i láthair do phobail i gcéin is i gcóngar i mí an Mheithimh.
Gay McKeon, Príomhfheidhmeannach, Na Píobairí Uilleann:
“Ba iad na dúshláin ón dá mhí dhéag seo caite a threoraigh sinn le bealaí nua a fhorbairt chun saothrú le healaíontóirí agus lucht éisteachta a aimsiú. Soláthrófar an deis dúinn leis an maoiniú méadaithe do 2021 chun seirbhísí a mhéadú agus chun deiseanna a chur ar fáil don phobal le bheith rannpháirteach ar bhonn bríomhar agus le taitneamh a bhaint as an bpíobaireacht uilleann agus na healaíona traidisiúnta.”
Declan Meade, Stinging Fly:
“Baineann ríthábhacht leis an Maoiniú Straitéiseach ón gComhairle Ealaíon dúinne, agus tagann tairiscint an mhaoinithe mhéadaithe i mbliana ag uain chinniúnach inár bhforás mar eagraíocht. Táimid ag súil go mór lenár gcáipéis straitéise nua a fhoilsiú an chéad mhí eile, agus lenár misean a ghnóthú chun scoth na scríbhneoirí nua agus na scríbhneoireachta nua a lorg, a chothú, a fhoilsiú agus a chur chun cinn.”
Gerard Keenan, Príomhfheidhmeannach, Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann:
“Fáiltíonn Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann roimh an tacaíocht leanúnach ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann – léiríonn an méadú nach beag i mbliana formhuiniú láidir maidir leis an gcumas leanúnach atá ag Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann an treo a chasadh agus forás a dhéanamh fiú amháin le linn an ghéibhinn seo. Idir Covid agus chruthaitheacht is amhlaidh atá Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann tar éis dul sa seans, athrú ó bhonn, cleachtadh, athghrúpáil agus taifeadtaí a eisiúint i gceann de na blianta ba chrua do na hannála. Agus súil á caitheamh chun cinn, treisímid ár misean chun siamsaíocht agus oideachas a thabhairt dár lucht éisteachta, agus chun an pobal sin atá ag croílár ár gCeolfhoirne a chothú agus a fhás”.
Noeline Kavanagh, Stiúrthóir Ealaíne Macnas:
“Is í an Chomhairle Ealaíon a sholáthraíonn an maoiniú lárnach chun tacú leis an bpríomhchuspóir atá ag Macnas, chun oideachas agus rochtain ar na healaíona a fhorbairt. Cruthaímid saothar bliain i ndiaidh a chéile a mbíonn pobail de gach aois rannpháirteach iontu, agus ar leibhéal agus ar scála nach bhféadfaí a dhéanamh de cheal an Mhaoinithe Straitéisigh seo. Ligeann an Chomhairle Ealaíon dúinn infheistíocht a dhéanamh i rud éigin atá ag croílár ár gcompántais, is é sin ár gclár cuimsitheach oideachais agus oiliúna chun an chéad ghlúin eile d’ealaíontóirí, draoi-chumadóirí agus innealtóirí na samhlaíochta a chothú agus a fhorbairt.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht