D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Séamus Ó Duibhneacháin, T.D., sonraí inniu faoi rannpháirtíocht na hÉireann ag an 14ú Taispeántas Idirnáisiúnta Biennale Ailtireachta sa Veinéis i mí an Mheithimh.
Roghnaíodh an Busáras i mBaile Átha Cliath mar an láthair le haghaidh an fhógra seo toisc gur foirgneamh íocónach na haoise seo caite é agus tugtar urraim ann don ealaíontóir a fuair bás le déanaí, Patrick Scott. D’oibrigh Scott ar an bhfoirgneamh seo nuair a bhí sé ina ailtire óg agus ba eisean ba chúis le dearadh na mósáicí ar an díon starrmhaide.
Rinne John McLaughlin agus Gary Boyd iontráil na hÉireann do thaispeántas 2014 a choimisiúnú agus a choimeád. Iarrann téama La Biennale 2014, ‘Absorbing Modernism’ ar thíortha breathnú ar an idirghníomhaíocht idir an nua-aoisiú domhanda ar thaobh amháin agus ar chultúir áitiúla ailtireachta ar an taobh eile.
Tugtar cuntas i láithreoireacht na hÉireann ‘Infra Éireann - Making Ireland Modern 1914-2014’ ar na struchtúir íocónacha shuntasacha a chruthaigh cúlra na hÉireann agus í ag teacht chun cinn agus i mbun forbartha. Cuirtear bonneagar suntasach in Éirinn i láthair inti, ar bhonn gach deich mbliana le céad bliain anuas. Faightear léargas ar thógáil náisiún na hÉireann inti ag an am céanna.
Arsa an tAire Ó Duibhneacháin ag an seoladh:
"Tá féiniúlacht agus raon domhanda ag ailtireacht chomhaimseartha na hÉireann. Tugtar léargas ginearálta den scoth sa taispeántas seo, ‘Infra Éireann’, ar an gcéad bliain atá tharainn maidir le forbairt ailtireachta in Éirinn. Trí aird a tharraingt ar fhoirgnimh íocónacha cosúil le Stiúideonna RTÉ i nDomhnach Broc a dhear Ronald Tallon, Malartán Gutháin Roseleven i mBaile Átha Luain a dhear Noel Dowley, agus dearadh na ndroichead, na n-acomhal agus na mbóithre le hailtirí Grafton, insíonn an taispeántas seo scéal na hÉireann agus í ag teacht chun cinn ón am atá thart agus bunú an Stát aníos go dtí an lá atá inniu ann."
Is é an Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta - La Biennale di Venezia - an taispeántas idirnáisiúnta is tábhachtaí ar domhan i leith na hailtireachta agus is deis ar leith é chun neart ailtireacht na hÉireann a chur i láthair agus a chur chun cinn i measc lucht féachana domhanda.
Tionscnamh de chuid Chultúr Éireann sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta é Éire sa Veinéis, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá sé mar aidhm aige feasacht a mhéadú ar scoth ailtireacht na hÉireann ar fud an domhain agus níos mó deiseanna a chruthú d’ailtirí Éireannacha thar lear.
Ní hamháin gur taispeántas domhanda i gcomhair na hailtireachta é an Biennale, ach tugann sé faill d’ailtirí Éireannacha dul i dteagmháil le lucht féachana idirnáisiúnta, a saothar a thaispeáint agus tionchar a imirt ar threochtaí amach anseo. Tugann figiúirí a taifeadadh le déanaí le haghaidh an Biennale Ailtireachta le fios go dtéann de bhreis ar 178,000 cuairteoir, lena n-áirítear na mílte mac léinn ó gach cearn den domhan, chuig an Biennale. Beidh an Biennale ar siúl idir an 7 Meitheamh 2014 agus an 23 Samhain 2014.
Dúirt John McLaughlin:
"Breathnaíonn Infra Éireann siar ar ról na n-ailtirí Éireannacha i ndearadh gnáthbhonneagair fearacht ospidéal, scoileanna, bóithre agus stáisiúin bhus. Tarraingíonn sé aird ar an dóigh ar chuir na hailtirí sin le cruthú fhéiniúlacht chultúrtha na hÉireann nua-aimseartha, agus breathnaíonn sé chun tosaigh ar réimse na sonraí atá ag teacht chun cinn agus ar an ról is féidir leis an ngairm a imirt in ionsú leanúnach na nua-aimsearthachta faoin domhandú."
Cuirfear taispeántas Éire sa Veinéis i láthair san Arsenale i gceantar a mheallann cuid mhór daoine agus ar suíomh straitéiseach é do chuairteoirí. Beidh an láithreoireacht le fáil ar líne fosta ar Irelandvenice.ie d’fhonn rochtain a fháil ar an lucht féachana is mó agus is féidir.
Beidh daoine in Éirinn ábalta blas a fháil den taispeántas faisnéiseach spreagúil seo, Infra Éireann, nuair a théann sé ar chamchuairt náisiúnta in 2015 tar éis teacht ar ais ón Veinéis. Tacóidh an Chomhairle Ealaíon le camchuairt na hÉireann de Éire sa Veinéis 2014 mar chuid dá tiomantas an ailtireacht a chur chun cinn i measc lucht féachana na hÉireann.
←Fill ar ais go dtí an nuacht