D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Séamus Ó Duibhneacháin, TD, sonraí inniu faoin bhfoireann a dhéanfaidh ionadaíocht d’Éirinn ag an 56ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ealaíne sa Veinéis in 2015. Tionscnamh de chuid Chultúr Éireann i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon is ea rannpháirtíocht na hÉireann ag Biennale na Veinéise.
Is é Mike Fitzpatrick an Coimisinéir do 2015, agus oibreoidh sé le Woodrow Kernohan, an Coimeádaí, chun saothar le Seán Lynch, an t-ealaíontóir, a chur i láthair. Tá taithí fhairsing ag an gCoimisinéir agus ag an gCoimeádaí araon ar thaispeántais chlúiteacha idirnáisiúnta a chur i láthair. Bhí Mike Fitzpatrick, Stiúrthóir reatha Chathair Chultúir Luimnigh, ina Choimisinéir/Choimeádaí don 52ú Biennale Ealaíne sa Veinéis, áit ar taispeánadh saothar Gerard Byrne go rathúil. Tá Woodrow Kernohan ina Stiúrthóir ar EVA International, Débhliantán Ealaíne Comhaimseartha na hÉireann.
Tá suim mhór idirnáisiúnta spreagtha cheana féin ag Seán Lynch, a d’oscail a chéad taispeántas músaeim sa Ríocht Aontaithe in Modern Art Oxford le déanaí, agus tá saothar curtha ar taispeáint aige i mórán gailearaithe agus institiúidí ar fud na hEorpa roimhe seo. Chomh maith leis sin, tá cáil air as roinnt tionscadail cháiliúla ealaíne poiblí - Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, ina measc.
Rinneadh an rogha tar éis próiseas iomaíoch oscailte a reáchtáil Rannán Chultúr Éireann de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Dúirt an tAire Ó Duibhneacháin:
"Tá lúcháir orm go mbeidh deis ag Seán, a mbíonn cáil mhór á baint amach aige go hidirnáisiúnta, a chuid saothair a chur i láthair ag Biennale na Veinéise, a chuireann ardán tábhachtach domhanda ar fáil chun treise amharcealaíona na hÉireann a chur ar taispeáint."
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon tacú arís eile le hionadaíocht na hÉireann ag Biennale Ealaíne na Veinéise 2015. Tá a shaothar thar a bheith suimiúil agus uathúil agus cuireann Seán Lynch cosáin áille ar fáil don phobal chun spléachadh a fháil ar an stair faoi cheilt. Mar aon lena tiomantas do shaothar ealaíontóirí na hÉireann a chur ar taispeáint sa Veinéis, tacóidh an Chomhairle Ealaíon leis an gCamchuairt Éireannach ina dhiaidh sin chun a chinntiú go mbeidh deis ag daoine fud fad na hÉireann féachaint ar an taispeántas lena súile féin."
Ag labhairt ar an rogha, dúirt an Coimisinéir Mike Fitzpatrick: "Déanfaidh Seán Lynch ionadaíocht d’Éirinn ag Biennale na Veinéise 2015, agus cur i láthair uathúil á chur ar taispeáint aige, cur i láthair ina gcuirfear snáithíní éagsúla dár stair le chéile agus ina bhfífear le chéile iad i sraith fínéad a bheidh fite fuaite ina chéile. Is as Ciarraí Thuaidh do Sheán ó dhúchas agus is céimí agus léachtóir de chuid Scoil Ealaíon agus Deartha Luimnigh é. Is é atá ina chuid saothair ná meascán de neart insinte agus cumas géarchúiseach saincheisteanna casta cultúrtha a scrúdú, a thaighde agus a aistriú. Tá cáil mhór idirnáisiúnta bainte amach ag Seán cheana féin agus baineann sé leas as a chumas faoi leith chun conairí de scéalta atá ligthe i ndearmad a fhiosrú go grinn agus iad a chur i láthair i gcomhthéacs comhaimseartha".
Dúirt Woodrow Kernohan, an Coimeádaí: "Tionscadal an-chorraitheach is ea seo. Tá an-áthas orm gur roghnaíodh mé le bheith ag obair le Seán Lynch agus le Mike Fitzpatrick chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag Biennale na Veinéise in 2015. Ceiliúrann saothar Sheáin gnéithe dár gcultúr sóisialta agus cultúrtha nár tarraingíodh aird orthu riamh agus is deis a bheidh i bPuball na hÉireann in 2015 mór-réimse ealaíne na hÉireann a chur chun cinn i measc lucht féachana idirnáisiúnta".
Tionólfar an 56ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ealaíne sa Veinéis ón 9 Bealtaine go dtí an 22 Samhain 2015. Tabharfar an taispeántas ar camchuairt in Éirinn ina dhiaidh sin ag tús na bliana 2016.
←Fill ar ais go dtí an nuacht