Chuir an Chomhairle Ealaíon in iúl ar maidin gur cúis áthais di go bhfuil Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann á sheoladh mar go mbeidh fáil ag lucht mór na ceoldrámaíochta ar cheoldrámaí clasaiceacha go rialta le linn na bliana 2018 agus ina dhiaidh sin.
Ag preasagallamh a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath inniu, dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon gur “lá mór don cheoldrámaíocht in Éirinn” a bhí ann agus mhaígh sí gur toradh é an compántas ar bhlianta oibre a rinne an Chomhairle.
An bhliain seo caite, tar éis próiseas togra oscailte, shocraigh an Chomhairle Ealaíon gurbh iad an Opera Theatre Company agus Wide Open Opera ag oibriú i gcomhar lena chéile an soláthraí is fearr den cheoldrámaíocht príomhscála agus an dá chompántas ag teacht le chéile chun Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann a chruthú. Chomh maith le léiriúcháin Éireannacha a dhéanamh go rialta ar shaothair phríomhscála i mBaile Átha Cliath, beidh an compántas nua ag dul ar chamchuairteanna chuig ionaid ar fud na tíre le ceoldrámaí ar scála níos lú a léirigh an Opera Theatre Company roimhe seo.
D’fhógair an compántas nua an clár don bhliain 2018 inniu, agus mar chuid den chlár beidh ceoldrámaí amhail The Marriage of Figaro, Blubeard’s Castle agus Aida ar siúl i mBaile Átha Cliath ceoldrámaí amhail Powder her Face, Tales of Hoffman, agus Orfeo et Euridice ag siúl ar fud na tíre, agus déanfar taispeántais idirnáisiúnta ar The Last Hotel le Donnacha Dennehy agus Enda Walsh.
“Tá lucht leanúna na ceoldrámaíochta ina gcónaí fud fad na tíre agus tá siad ar na daoine is paiseanta ar domhan. Le blianta, tá siad ag iarraidh go ndéanfaí léiriúcháin rialta ar shaothair phríomhscála arís,” a dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Sheila Pratschke. “Tuigfidh siad le sracfhéachaint ar an gclár iontach a fógraíodh inniu go bhfuil ré nua tagtha! Is forbairt mhór é seoladh Chompántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann agus tá an Chomhairle Ealaíon an-sásta tacú leis.”
“Tar éis don Chomhairle Ealaíon straitéis deich mbliana a fhorbairt, an chéad pholasaí de shraith polasaithe lena ndírítear ar fhoirmeacha éagsúla ealaíne a forbraíodh ba ea polasaí don cheoldrámaíocht. Cuireadh seo chun feidhme i ndiaidh próiseas plé leis an earnáil agus athbhreithniú mionsonraithe ar bheartas agus ar sholáthar na ceoldrámaíochta in Éirinn.”
Faoin bpolasaí seo, chomh maith leis an gcompántas nua a mhaoiniú, leanfar le tacaíocht a thabhairt do fhéilte ceoldrámaíochta, lena dtacaítear le léiriúcháin agus tionscadail ceoldrámaíochta, coimisiúin ceoldrámaíochta agus leanfar le deontais, scéimeanna agus dámhachtain a chur ar fáil d’ealaíontóirí aonair.
←Fill ar ais go dtí an nuacht