Is méala mór don Chomhairle Ealaíon bás an rinceora Emma O’Kane.
Saor-ealaíontóir rince, cóiréagrafaí, taibheoir, oideoir, múinteoir agus éascaitheoir ceardlainne rince ba ea Emma.
Chuaigh sí faoi oiliúint ag Perm State Choreographic Academy sa Rúis agus thug sí taispeántais sa Rúis, sa tSín, sna Stáit Aontaithe, san Astráil, sa Bhreatain Mhór, sa Ghearmáin agus san Iodáil.
Le scór bliain anuas, bhí an-tionchar ag saothar Emma ar chultúr an rince chomhaimseartha agus na hamharclannaíochta in Éirinn trína taispeántais agus a saothar cóiréagrafaíochta. D’fhéach sí ina cleachtas le léiriú fisiciúil a thabhairt ar a stair phearsanta agus ar an stair pholaitiúil.
I measc na saothar a luaitear lena hainm le déanaí, tá an gearrscannán Iarscoláire, a léiríodh den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath 2020, tá an dráma Before, arb é an dráma is déanaí leis an aisteoir Pat Kinevane é, a bhfuil Gradam Olivier buaite aige, agus rinne sí comhoibriú leis an aisteoir céanna ar an leabhar Underneath. Agus í mar bhall lárnach de CoisCéim Dance Theatre ó bhí 2001 ann, bhí baint aici le breis agus 20 taispeántas ar an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal idirnáisiúnta araon.
Rinne sí obair le cuid mhaith de na príomhchompántais rince, amharclannaíochta agus cheoldrámaíochta, lena n-áirítear Rough Magic, Anu Productions, Fishamble, Willfredd Theatre, Amharclann na Mainistreach, Prime Cut Productions agus Ceoldráma Éireann.
Fágann Emma a máthair Joy, a deartháir Nick agus a deirfiúr Lidia ina diaidh.
←Fill ar ais go dtí an nuacht