File, úrscéalaí, údar cuimhní cinn, léirmheastóir agus gníomhaí cultúrtha ba ea an tUasal Cronin agus duine a raibh mórchlú air i litríocht na hÉireann. Tráchtaire teasaí agus géarchúiseach i gcúrsaí polaitíochta agus cultúir, duine de na scríbhneoirí Éireannacha ba mhó tionchair i rith a shaol fada éagsúil. Rugadh Cronin i 1928 in Inis Córthaidh, agus ba file agus léirmheastóir aitheanta é fad is a bhí sé ina mhac léinn in UCD. D’fhoilsigh sé 14 imleabhar filíochta, beathaisnéisí maidir le Flann O’Brien agus Samuel Beckett a fuair moladh ó léirmheastóirí, na húrscéalta The Life of Riley agus Identity Papers, roinnt leabhar aistí, agus leabhar cuimhní cinn clasaiceach maidir le litríocht Bhaile Átha Cliath i lár an 20ú haois, Dead As Doornails. Bhí sé ina eagarthóir ar an irisleabhar The Bell nuair a bhí áit lárnach ag an iris sin i litríocht na hÉireann, agus bhí sé ina eagarthóir liteartha ar an iris i Londain, Time and Tide.
Sampla tipiciúil dá chuid iriseoireachta ba ea a cholún san Irish Times, ‘Viewpoint’, a foilsíodh idir 1973 agus 1980, inar dhéileáil sé le topaicí polaitíochta, liteartha agus sóisialta le stíl a bhí chomh sainiúil is a bhí sé tarraingteach. Agus, mar a léiríodh in imeacht ama, ba mhinic leis a bheith fáidhiúil.
Ag labhairt di inniu, dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Sampla annamh ba ea Tony Cronin d’intleachtóir poiblí i saol na hÉireann – tiomanta, gan eagla, dian ina chuid smaointe, agus díreach gan náire ina thacaíocht leis an rud a cheap sé a bheith ceart agus maith. Chuir an bhochtaineacht a bhí ar an oiread sin ealaíontóirí sinsearacha Éireannacha ag deireadh a saoil uafás air, chuir sé ina luí ar an Taoiseach ag an am Charles Haughey, a raibh sé ina chomhairleoir cultúrtha aige, Aosdána a bhunú, cleamhnacht neamhspleách ealaíontóirí a thugann aitheantas d’éachtaí suntasacha ealaíontóirí i ngach disciplín. Bhí sé mar bhall de choiste stiúrtha na Toscaireachta ó bunaíodh an eagraíocht. Bhronn an eagraíocht sin an onóir is airde air, a bheith ina Shaoi, i 1993; onóir a bronnadh ar na huaisle litríochta eile Samuel Beckett, Seamus Heaney, Sean Ó Faoláin, Mary Lavin, Tony O’Malley agus Brian Friel.
“Cúirtéiseach agus flaithiúil ina chaidreamh le daoine eile i gcónaí, agus go háirithe le scríbhneoirí óg a bhí ag teacht chun cinn, bhí Cronin ag súil leis an gcaighdeán is airde uaidh féin ina shaothar litríochta. Bhí na dánta i gcónaí i gcroílár a chuid oibre, iad nua-aoiseach gan náire ina ndéine, duairc uaireanta, ach maiteach i gcónaí agus daonna go paiseanta i gcónaí.”
Chreid sé i bPoblacht a bhí sách maith ag muintir na hÉireann, agus bhí sé comhsheasmhach sa mhéid a chuir sé le saol poiblí tír a chuir olc air go minic ach nár chlis ar a ghrá ná ar a dhílseacht di riamh.
Cuirimid ár gcomhbhrón in iúl dá bhean Anne, dá iníon Sarah; agus geallaimid dóibh siúd agus dá chomhghleacaithe agus dá chairde ár dtiomantas leanúnach do na luachanna cultúrtha daonna a cuimsíodh go huasal ina shaol agus ina shaothar.
←Fill ar ais go dtí an nuacht