Cuireann an Chomhairle Ealaíon a brón in iúl ar chloisteáil faoi bhás Liam Uí Mhuirthile, comhalta de chuid Aosdána.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon “Ba scríbhneoir é Liam Ó Muirthile a raibh éagsúlacht agus doimhneacht mhór ag baint leis, bhrúigh sé teorainneacha litríochta na Gaeilge trína phrós dinimiciúil, a chuid filíochta agus a chuid scríbhneoireachta don stáitse. Bhí tionchar mór ag a shaothar, a léadh agus a aistríodh go forleathan, ar ár dtírdhreach cultúrtha. Ó seoladh a fhoilseachán filíochta cáiliúil Innti go dtí a shlí ghairme fada agus éagsúil, throid Ó Muirthile go láidir ar son na teanga agus na litríochta, agus aireoidh muid uainn go mór é."
File agus scríbhneoir ab ea Liam Ó Muirthile. Rugadh i gCathair Chorcaí é i 1950 agus d’fhoghlaim sé an Ghaeilge ar scoil agus i nGaeltacht Chiarraí Thiar. Ba é a chéad chnuasach filíochta ná Tine Chnámh i 1984 a ghnóthaigh gradam liteartha de chuid na hInstitiúide Cultúrtha Gael-Mheiriceánach agus an mórdhuais Oireachtais don fhilíocht.
Bronnadh Duais an Bhuitléaraigh air i 1996 as a úrscéal Ar Bhruach na Laoi, agus ghnóthaigh sé Duais na Comhairle Ealaíon agus Gradam Chló Iar-Chonnacht as a thríú cnuasach dánta Walking Time agus Dánta eile. Scríobh Liam don stáitse chomh maith. Léirigh Amharclann de hÍde a dhráma Tine Chnámh in Amharclann Project i mBaile Átha Cliath i 1993. Léiríodh a dhráma Fear an Tae in Amharclann Lána San Aindrias, Baile Átha Cliath i 1995 agus cuireadh Liodán na hAbhann ar stáitse in Amharclann an Crypt i gCaisleán Bhaile Átha Cliath in 2000. Scríobhadh sé colún seachtainiúil, An Peann Coitianta, le haghaidh an Irish Times ó 1989 go 2003.
Ar na saothair fhoilsithe eile leis tá: Tine Chnámh (1984), An Peann Coitianta (1991), Dialann Bóthair (1992), Ar Bhruach na Laoi (1995), An Peann Coitianta 2(1997), Liodán na hAbhann (1999), Fear an Tae (1999), Walking Time agus Dánta Eile (2000), Gaothán (2000), An Seileitleán (2004), Sister Elizabeth ag Eitilt (2005), Ar an bPeann (Geimhreadh 2005), Dánta Déanta (Geimhreadh 2005), ÁÉÍÓÚ (Earrach 2006).
Tá aistriúcháin ar dhánta éagsúla le Ó Muirthile le feiceáil sna foilseacháin seo a leanas: An Tonn Gheal/The Bright Wave, Dermot Bolger (eagarthóir), Jumping Off Shadows, Selected Contemporary Irish Poets, Greg Delanty & Nuala Ní Dhomhnaill (eagarthóirí), Introductions, Modern Poetry in Translation, Series Three, No.1,(Bernard O’Donoghue) agus Anthologie de la poésie Irlandaise du xxe siècle, Jean-Yves Masson (eagarthóir). Tá go leor dánta aonair dá chuid aistrithe i gcnuasaigh Ghearmáinise, Fhraincise, Iodáilise, Ungáirise agus Rómáinise.
←Fill ar ais go dtí an nuacht