Is cúis mhór bróin agus méala don Chomhairle Ealaíon cloisteáil faoi bhás an tsnoíodóra agus an bhaill Aosdána Melanie le Brocquy.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Snoíodóir a raibh cáil uirthi de bharr fíneáltacht agus íogaireacht a saothair, saothar a bhí lom agus neamhghairéadach. Fuair sí inspioráid go háirithe ón sféar baile agus bhí spéis ar leith aici i gcruth na mná. Aireoimid uainn go mór í.”
Rugadh í i mBaile Átha Cliath i 1919, rinne sí staidéar ag an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha i mBaile Átha Cliath, an École des Beaux-Arts sa Ghinéiv, agus ag Scoil Ealaíne an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga. Chuir sí a dealbhóireacht ar taispeáint ag an Acadamh Ríoga Ibeirneach an chéad lá riamh i 1938 agus bronnadh duais uirthi as an múnlú cré-umha ab fhearr ag an Acadamh Ríoga Ibeirneach i 1995. Bhí taispeántas iardhearcach dá saothar ag an Acadamh i 1999. Chuir sí saothar ar taispeáint sa Taispeántas d’Ealaín Bheo (1943, 65, 67, 71) agus ag Taispeántas Ealaíne an Oireachtais (1972-75) agus EV+A i Luimneach (i 1984), agus rinne sí ionadaíocht ar Éirinn ag Salzburg Biennale i 1962. I measc na dtaispeántas aonair a bhí aici bhí Taylor Galleries, Baile Átha Cliath (86, 91), Austin Desmond Fine Arts, Londain (1990), Bell Gallery, Béal Feirste (92, 95). I measc na ngradam a fuair sí agus bhí neart díobh ann, bhí scoláireachtaí Taylor (1938 agus ‘39); California Gold Medal (1939) agus duais Thaispeántas Oscailte Chlár Chlainne Mhuiris (1991).
Rinneadh ionadaíocht ar a saothar i mbailiúcháin na Comhairle Ealaíon; Gailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath; an Gailearaí Féinphortráide Náisiúnta, Luimneach; i mbailiúchán Aer Rianta, bailiúchán Ospidéal San Séamas agus i gcuid mhaith bailiúchán príobháideacha in Éirinn, Sasana, Meiriceá agus Ceanada.
←Fill ar ais go dtí an nuacht