Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, agus é ag labhairt inniu: “Is léir do dhuine ar bith a raibh an t-ádh leo Cara a fheiceáil i mbun amhránaíochta i gceoldráma, i gceolchoirm, nó i gceadal príobháideach go raibh bua speisialta agus suntasach aici. Bhí sí in ann luchtanna éisteachta sa bhaile agus thar lear a chur faoi gheasa lena láíocht phearsanta éadrom in éineacht lena guth ealaíonta, agus bhí sí ar cheann de na amhránaithe ceoldrámata is fearr de chuid na hÉireann.
Bhí sár-ghuth drámatúil aici agus bhí an ceol go smior inti ó nádúr, agus d’fhorbair sí an méid sin le sár-theicníc amhránaíochta agus gairmiúlacht ealaíne chruthanta. Mar aon lena pearsantacht chroíúil, nádúrtha, lúcháireach, ba mhór an cion agus an meas a bhí ag go leor amhránaithe agus ceoltóirí uirthi. Cronófar go mór í ar fud na hÉireann agus ina háit dúchais, Corcaigh, go háirithe.
Agus í ar shlí na fírinne, déanaimid comhbhrón lena hiníon, Christine, lena muintir agus lena cairde ar fad.”
Rugadh Cara O’Sullivan in 1962 agus bhain sí clú agus cáil amach den chéad uair nuair a bhuaigh sí comórtas Cheoltóir Óg na Todhchaí RTÉ in 1990, agus thug sí faoi shlí bheatha phroifisiúnta spleodrach ina dhiaidh sin. Bhí a céad mhór-ról ceoldrámata aici sa bhliain 1996 in Don Giovanni le Mozart, le Ceoldráma Náisiúnta na Breataine Bige, agus chuaigh sí i mbun amhránaíochta ar stáitsí i Londain, Páras, Barcelona, Sydney agus lárionaid idirnáisiúnta eile ina dhiaidh sin. Bhí sí lonnaithe in Éirinn i gcónaí, agus thapaigh sí gach deis chun dul ar an ardán os comhair luchtanna éisteachta na hÉireann, a raibh dáimh speisialta aici leo i gcónaí.
Mar aon lena taithí fhairsing mar amhránaí, b’eiseamláir iontach agus meantóir spreagúil í i gcomhair go leor amhránaithe óga, agus thacaigh sí go mór le carthanais. Chuir sí go mór leis an saol ealaíne agus cathartha ina háit dúchais, Corcaigh, agus bhronn Cathair Chorcaí an chéad ghradam cultúrtha cathartha uirthi, tar éis gur tháinig deireadh tobann tragóideach lena gairm amhránaíochta mar gheall ar thinneas sa bhliain 2018.
←Fill ar ais go dtí an nuacht