Is oth leis an gComhairle Ealaíon Tom Murphy, drámadóir agus Saoi de chuid Aosdána, a bheith ar shlí na fírinne.
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Sheila Pratschke, inniu, “Is cúis mhór bhróin don Chomhairle Tom Murphy a bheith ar shlí na fírinne. Ba dhuine de laochra amharclannaíocht na hÉireann é, a scríobh cuid de na drámaí b'fhaide a sheas an fód agus ba mhó tóir orthu san 20ú haois. Is cuid de chanóin chomhaimseartha na hÉireann a shaothar agus, cé gur mhinic an foréigean a bheith go tréan taobh thiar dá chuid scéalta, rud a bhain siar as an lucht féachana, bhí ceardaíocht Murphy le brath riamh ar chumhacht agus ar áilleacht na teanga glé a d’úsáid sé. Léirigh a shaothar iontas agus baois na daonnachta, ach géilleadh i gcónaí do lúcháir na beatha, más le dua féin a baineadh amach an staid sin.
Is cinnte go rachaidh a shaothar go mór i bhfeidhm ar luchtanna féachana go ceann i bhfad, ach aireoidh a chuid comhghleacaithe agus gach duine a raibh sé de phribhléid acu aithne a bheith acu air a thráthúlacht agus a ghreann uathu go mór.
Maireann a bhean chéile, an t-aisteoir Jane Brennan.
Rugadh Tom Murphy i dTuaim, Co. na Gaillimhe, i 1935 agus ba é an duine ab óige é i gclann ina raibh deichniúr. Cé go ndeachaigh an naonúr eile ar imirce go dtí an Bhreatain, d’fhan Tom sa bhaile i dTuaim, áit a raibh sé ina ghaibhneoir ar dtús, agus ansin ina mhúinteoir, sular luigh sé isteach ar an scríbhneoireacht go lánaimseartha. I measc a chuid drámaí – ar cuireadh go leor acu chun stáitse in Amharclann na Mainistreach nó le Compántas Amharclannaíochta an Druid – tá A Whistle in the Dark (1961), Famine (1968), A Crucial Week in the Life of a Grocer's Assistant (1969), The Morning After Optimism (1971), The Sanctuary Lamp (1976), The Gigli Concert (1983), Bailegangaire (1985), Conversations on a Homecoming (1985), A Thief of Christmas (1985), The Patriot Game (1991), Too Late for Logic (1989), The Wake (1998) agus The House (2000), The Drunkard (2003), The Cherry Orchard (2004) agus Alice Trilogy (2005) agus The Reluctant Tyrant (2009) agus Brigit (2014). Foilsíodh úrscéal dá chuid, The Seduction of Morality, in 2004. Ba bhall é d’Acadamh Litríochta na hÉireann agus is iomaí gradam agus dochtúireacht oinigh a bronnadh air, ó institiúidí ar nós Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus OÉ Gaillimh. Bhronn Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Bonn Ulysses air, an gradam is airde dá bhfuil acu.
←Fill ar ais go dtí an nuacht