Ní maith leis an gComhairle Ealaíon cloisteáil faoi bhás Basil Blackshaw a fuair bás inné. Bhí sé ina bhall d’Aosdána.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon “Is trua leis an gComhairle Ealaíon cloisteáil faoi bhás Basil Blackshaw. Bhí Blackshaw ar dhuine de na healaíontóirí ba bhreátha in Éirinn. Léirigh an úsáid a bhain sé as ton agus as gluaiseacht ina shaothar an bua faoi leith a bhí aige goilliúnacht dhomhain dá ábhar a mheascadh leis an úsáid challánach agus mhisniúil a bhain sé as péint. Léiríonn an meascán fuinnimh agus goilliúnachta seo rud an-speisialta ina chuid pictiúr."
Rugadh Basil i nGleann Ghormlaithe, Co. Aontroma i 1932, d’fhreastail sé ar Choláiste Ealaíne Bhéal Feirste. Bhí tionchar ag a áit dúchais amuigh faoin tír ar fhormhór na n-ábhar ina chuid pictiúr, rásaíocht chapall, pórú madraí agus troid idir coiligh ina measc. I measc na n-ábhar eile ina chuid pictiúr bhí an Lucht Siúil, pictiúir de dhaoine a bhí nocht, tírdhreacha, agus foirgnimh thréigthe faoin tuath.
Bhí a chéad mhórthaispeántas aige in Donegall Place Gallery, Béal Feirste (1952), agus bhí go leor seónna grúpa aige ina dhiaidh sin, ina measc an Taispeántas Éireannach d’Ealaín Bheo (1958-61, 75); Iarsmalann Tate, Londain (1958); agus Arnolfini Gallery, Bristol (1965). I measc na dtaispeántas aonair a bhí aige bhí CEMA Gallery, Béal Feirste (1956, 61); Studio 25, Béal Feirste (1962); Northern Irish Arts Council Gallery, Béal Feirste (1964, 74, 81, 83); Bell Gallery, Béal Feirste (1970, 71); Tom Caldwell Gallery, Béal Feirste (1973, 75, 77, 81, 85, 92); David Hendriks Gallery, Baile Átha Cliath (1987); Kerlin Gallery, Baile Átha Cliath (1990).
D’eagraigh Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann mórthaispeántas siarghabhálach dá shaothair i 1995, a thaisteal ó Bhéal Feirste go Baile Átha Cliath, go Corcaigh agus go dtí go leor gailearaithe sna Stáit Aontaithe. Ó 1986 go 1990 dhear sé póstaeir freisin don Chompántas Amharclannaíochta Field Day i nDoire. I measc na gcoimisiún portráide a bhí aige, agus bhí lear mór díobh ann, bhí an tArd-Easpag George Simms, an tArd-Easpag Armstrong, Brian Friel (le haghaidh Amharclann na Mainistreach), Jennifer Johnston, Douglas Gageby, Vincent Ferguson, Ted Hickey, Michael Longley agus John Hume.
←Fill ar ais go dtí an nuacht