Is cúis mhór bróin don Chomhairle Ealaíon cloisteáil faoi bhás Iar-Stiúrthóir na Comhairle Colm Ó Briain, a bhí ina Stiúrthóir ar an gComhairle Ealaíon idir 1975 agus 1983.
Rinne Colm staidéar ar an dlí sa Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath agus in Óstaí an Rí. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí ‘Tionscadal ‘67’, tionscadal ilealaíon (Ionad Ealaíon ‘Project’ sa lá atá inniu ann) agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Náisiúnta Drámaíochta na hÓige freisin. D’oibrigh sé mar Stiúrthóir agus mar Léiritheoir le RTÉ agus bhí sé ina Cheann Drámaí agus ina Cheann Oiliúna le hAmharclann na Mainistreach sular ghlac sé an ról mar Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon agus é tríocha is a haon bliain d’aois. Bhí sé ina shainchomhairleoir don Chéad Aire Ealaíon in Éirinn, an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn.
Ag labhairt di inniu, dúirt an tUasal Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Déanaimid comhbhrón ó chroí lenár gcomhghleacaí Seóna ar bhás a hathar, agus déanaimid comhbhrón le máthair Sheóna, Muireann, a deirfiúr Aisling, le baill bhreise de theaghlach Choilm, agus lena ghrúpa mór cairde agus lucht leanúna. Bhí tionchar dearfach agus fadtéarmach ag saol agus obair Choilm ar neart gnéithe de shochaí na hÉireann agus bhí gean mór ag muintir na Comhairle Ealaíon air agus is údar mórtais dúinn an obair cheannaireachta a rinne sé sa Chomhairle.
←Fill ar ais go dtí an nuacht