Cuireann an Chomhairle Ealaíon a comhbhrón in iúl ar chloisteáil faoi bhás an chraoltóra agus iar-Chathaoirligh Brian Farrell.
Bhí sé ina Chathaoireach ar an gComhairle Ealaíon ar feadh dhá bhliain, ó 1998 go 2000.
Ag labhairt di inniu, dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Thacaigh Brian Farrell go mór agus gan staonadh leis na healaíona. I rith a thréimhse mar Chathaoirleach tháinig dinimiceas nua chun cinn mar gheall ar, i measc nithe eile, bunú Iontaobhas Chathaoir Filíochta na hÉireann agus cruthú ciste nua le Teilifís na Gaeilge chun tacú le cláir nuálacha faoi na healaíona.”
Thar ceann na Comhairle Ealaíon agus gach duine atá páirteach sna healaíona ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá theaghlach agus dá chairde.
←Fill ar ais go dtí an nuacht