Méala mór don Chomhairle Ealaíon é bás an amharc-ealaíontóra agus comhalta Aosdána, Felim Egan.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, agus é ag labhairt inniu: Is trua leis an gComhairle Ealaíon go mór bás an phéintéara chlúitigh, Felim Egan. Léiríodh tábhacht a chuid saothair mar ghuth uathúil comhaimseartha i bpéintéireacht na hÉireann trí iad a bheith le feiceáil i neart bailiúchán tábhachtach agus tugadh cuireadh dó a bheith rannpháirteach in imeachtaí iomráiteacha amhail São Paulo Art Biennale agus Biennale de Paris sna 1980idí. D’éirigh leis fíortheibíocht a mheascadh le toin agus dathanna boga agus fileata ar bhealach uathúil, rud a chuir gné thar a bheith coscrach lena chuid saothair.”
Rugadh Felim Egan in Éirinn i 1952, rinne sé staidéar i mBéal Feirste agus in Portsmouth sular fhreastal sé ar an Slade School of Art i Londain. Chaith sé bliain ag an British School sa Róimh i 1980 sular fhill sé ar Bhaile Átha Cliath arís. Bhí cónaí air, agus d’oibrigh sé ó Dhumhach Thrá, ar imeall Chuan Bhaile Átha Cliath ó shin.
Tá cáil air mar phéintéir a choinníonn guaim ar a dheisbhéalaí agus a úsáideann stór móitífeanna iairiglifeacha go spárálach os cionn réimsí móra datha monacrómatacha. Chruthaigh sé gach pictiúr go mall ag cur sraitheanna de dhath tanaí ar an dromchla agus ansin mheil sé púdar cloiche isteach san aicrileach. Baineann spioraid uilíoch lena shaothar ach tá siad an-phearsanta agus mothúchánach ag an am céanna. Baineann splancacha inspioráide lena chuid pictiúr, cuireann siad bun-nádúr nó ciall ruda nach raibh ar eolas againn roimhe sin in iúl dúinn. B’ealaíontóir teibí a bhí ann, péintéir a chruthaigh íomhánna teibí a bhí sách foirmiúil, ach tá dlúthcheangal ag a shaothar leis an áit ina raibh cónaí air agus ónar oibrigh sé, agus é sin le feiceáil sna léaslínte fada, sa spéir mhór agus sa ghaineamh folamh a bhaineann leis an trá agus an fharraige. Sa bhealach sin, tá a chuid pictiúr ar tí a bheith ina bpictiúir den tírdhreach, le gné dhraíochtúil a rinne a chomharsa, agus an file Seamus Heaney, cur síos uirthi mar “chothromaíocht d’ardchumais athraitheacha”.
Cuireadh a chuid saothar ar taispeáint ar fud na hEorpa, bhí 67 taispeántas aonair aige ó 1979, lena n-áirítear léirithe móra ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Baile Átha Cliath, 1996 agus Iarsmalann Stedelijk, Amstardam, 1999. Bhí sé ina ionadaí d’Éirinn ag Xie Biennale de Paris sa bhliain 1981 agus ag São Paulo Art Biennale in 1985. Bhuaigh sé an duais UNESCO mór le rá i bPáras i 1993 agus bronnadh an Duais Premiere air in Cagnes-sur-Mer i 1995. Tá a chuid saothair le feiceáil i neart bailiúchán poiblí lena n-áirítear Iarsmalann Stedelijk, Amstardam; Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Baile Átha Cliath; Iarsmalann Uladh, Béal Feirste; Metropolitan Museum of Art, Nua-Eabhrac agus i mbailiúchán Pharlaimint na hEorpa. I measc na gcoimisiúin ba mhó a rinne sé bhí; Caisleán Bhaile Átha Cliath; Gailearaí Náisiúnta na hÉireann; Halla O’Reilly, COBÁC; Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill; Pavilion Theatre (Amharclann an Phailliúin), Dún Laoghaire; Foirgneamh Ché na Cathrach, Baile Átha Cliath; New Providence Wharf, Londain; Gailearaí Náisiúnta na hÉireann; Deutsche Bank, an Ríocht Aontaithe agus in Éirinn agus ‘saothar dealbhóireachta’ poiblí ar scála mór ag Sráid Chorcaí, Baile Átha Cliath.
Sa bhliain 2015, chuir sé suiteáil de phictiúir ag Ceanncheathrú Deutsche Bank, Baile Átha Cliath i gcrích.
←Fill ar ais go dtí an nuacht