Cuireann an Chomhairle Ealaíon a comhbhrón in iúl ar chloisteáil faoi bhás Francis Healy.
Ag labhairt di inniu, dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, “B’fhile iontach agus cumasach a bhí i Francis Harvey, agus guth aonair den chéad scoth aige a léirigh cuid den tírdhreach gan aithne, go fisiciúil agus go mothúchánach araon. Gan dabht, leanfar ag léamh a chuid filíochta sna glúine atá le teacht agus déanaimid comhbhrón ó chroí lena chairde agus lena ghaolta.”
Rugadh Francis in Inis Ceithleann, Contae Fhear Manach ar an 13 Aibreán 1925. Ba as Béal Átha Seanaidh, Contae Dhún na nGall a mháthair agus ba as Inis Ceithleann a athair. Bhásaigh athair Francis nuair a bhí sé sé bliana d’aois agus bhog an teaghlach go Béal Átha Seanaidh.
Fuair Francis post sa bhanc agus bhog sé chuig craobhacha éagsúla, i gContae Dhún na nGall den chuid is mó, go dtí go ndeachaigh sé ar scor luath i 1979. I rith na mblianta a chaith sé sa bhanc thosaigh sé ag scríobh – drámaí agus gearrscéalta ar dtús agus filíocht ina dhiaidh sin. Chónaigh sé i gContae Dhún na nGall le seasca bliain anuas.
Foilsíodh a scéalta agus a dhánta in irisleabhair mhór le rá anseo agus thar lear agus d’fhoilsigh Dedalus a chnuasach Collected Poems in 2007.
←Fill ar ais go dtí an nuacht