Cuireann an Chomhairle Ealaíon a brón in iúl ar chloisteáil faoi bhás an cheoltóra Joe Burke
Aithnítear Joe Burke mar dhuine de mháistrí cheol traidisiúnta na hÉireann. D’éirigh leis clú agus cáil a bhaint amach mar dhuine buanchlúiteach i stair cheol agus sheanchas na hÉireann mar gheall ar a shármhaitheas cruthaitheach, an t-eolas a bhí aige agus an grá a bhí aige dá thír. Sheinn Joe le plúr na gceoltóirí traidisiúnta agus John Doherty, Margaret Barry agus Johnny O’Leary ina measc. B’uathúil an rímháistreacht a léirigh sé, ach ní ach cuid bheag den cheardúlacht a bhí ann. Rianaigh sé foinsí agus foirmeacha séiseacha cheol na hÉireann siar chuig rithim agus dúnadh na Gaeilge agus labhairt na Gaeilge, agus chreid sé féin go raibh siad fite fuaite lena chéile. Dar leis, bhí an ceol léiritheach agus lán le mothúcháin, agus é ag cur in iúl thuath na hÉireann agus acmhainn grinn mhuintir na tíre.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht