Is oth leis an gComhairle Ealaíon cloisteáil faoi bhás an ealaíontóra agus comhalta Aosdána Patrick Pye.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, inniu: “Is mór an chailliúint do chúrsaí ealaíne na hÉireann é Patrick Pye. Tá a chuid péinteála agus a láithreacht in Éirinn leabaithe i stair ealaíne na hÉireann. Tá sé tábhachtach mar gheall ar bharántúlacht agus ar shainiúlacht a chuid péinteála. Níor thug Pye aon aird ar aon ghluaiseachtaí ealaíne a bhí i réim ag tráth ar bith ach ina ionad sin ghlac sé le tionchair éagsúla ar a shaothar, amhail íocónagrafaíocht Chríostaí, an péintéir Spáinneach El Greco, agus ealaíontóirí den bhunstíl agus den stíl chomhaimseartha. Nuair a bhí na spéiseanna pearsanta sin go léir fite fuaite lena chumas teicniúil féin, d’fhág sin péintéir uathúil den chéad scoth againn. D’oibrigh sé le réidhe, i dteannta corr-uillinneacha agus le dath mar a bheadh dath cailce ann, agus as sin fuaireamar péintéireachtaí a bhí comhaimseartha agus fréamhaithe go domhain i stair phéintéireachta na hEorpa.”
Rugadh é in Winchester in 1929, ach is i mBaile Átha Cliath a tógadh é. Thosaigh sé i mbun cheird na péinteála in 1943 faoin dealbhóir Oisín Kelly, agus rinne sé a chuid staidéir ag an gColáiste Náisiúnta Ealaíne i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin. Fuair sé scoláireacht in 1957 chun freastal ar Acadamh Jan Van Eyck san Ollainn, áit ar thosaigh sé ag obair le gloine dhaite faoi Albert Troost. In 1973 thosaigh sé ag eitseáil ag an Graphic Studio i mBaile Átha Cliath, agus is iomaí taispeántas aonair a bhí aige sa chathair. Is iomaí coimisiún ollmhór a chuir sé i gcrích ar théamaí reiligiúnacha, lena n-áirítear Mainistir Ghleann Stáil, Co. Luimnigh; Séipéal an Aiséirí, Béal Feirste; Clochar Mhuire, an Chorr Chríochach, Co. Thír Eoghain (1965); Séipéal an Fhosaidh, Cill Airne (1977); triptic ina léirítear mar a cuireadh an cine daonna amach as Gairdín Pharthais atá lonnaithe i gceanncheathrú Bhanc na hÉireann (1981); agus Turas na Croise le haghaidh Shéipéal Bhaile Uí Chaisín i gCill Airne (1993).
I measc na gcoimisiún a bhí aige le déanaí bhí mír altóra, fuinneoga daite agus cruinneáin le haghaidh séipéal atógtha ag an gCladach Mór, Co. Ard Mhacha (1997–98); Cros chéasta do shéipéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha (1999); The Life of Our Lady, péintéireacht sé phainéal ar chopar le haghaidh Ardeaglais Mhuire agus Naomh Anna (1999); The Transfiguration, taipéis bhalla deich dtroithe le haghaidh Aireagal Mhuire in OÉ, Maigh Nuad (2000) agus The Baptism of Christ, péintéireacht ola le haghaidh séipéal nua i nDroim Bó, Béal Feirste. Chuir an tAcadamh Ibeirneach Ríoga Triptychs and Icons ar taispeáint, súil siar ar a shaothar, in 1997. Ó bhliain na Mílaoise fuair Ollscoil St Thomas in St Paul (MN) péintéireacht mhór Theologian in his Garden don Ionad um Staidéar ar an gCaitliceachas ansin. Dhílsigh Ollscoil Mhaigh Nuad Dochtúireacht i bhFealsúnacht (hon.causa) ar Patrick in 2005. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Aosdána.
←Fill ar ais go dtí an nuacht