Méala mór don Chomhairle Ealaíon é bás an ealaíontóra agus comhalta Aosdána, Tim Robinson.
Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tOllamh Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Bhí Tim Robinson ar dhuine de na scríbhneoirí neamhfhicsin is iomráití agus is urramaí in Éirinn. Rinneadh cur síos ar Robinson go minic mar ‘fear na hathbheochana’ agus mar ‘ileolaí’. Ba ghuth ar leith é i litríocht na hÉireann agus bhí go leor le foghlaim uaidh.
“De bharr scríbhneoireacht Robinson, a bhaineann leis an dúlra agus leis an domhan ábharach go minic, amharcaimid ar an domhan le hiontas agus le meas mar is cuí. Níl aon amhras orm ach go léifear a shaothar, agus go ndéanfar iontas dá chuid saothar, sna glúnta atá le teacht.”
Rugadh Timothy Robinson i Sasana sa bhliain 1935. Rinne sé staidéar ar mhatamaitic in Cambridge, mhúin sé in Iostanbúl agus phléigh sé leis na hamharcealaíona i Vín agus i Londain. Bhí sé ina chónaí ar Oileáin Árann idir 1972 agus 1984. Fad is a bhí sé ansin, ghabhadh sé don scríbhneoireacht agus dhéanadh sé léarscáileanna de na hoileáin, de Bhoirinn agus de Chonamara.
Cuireadh an dá imleabhar de Stones of Aran i gcló in 1986 agus in 1995, agus foilsíodh Setting Foot on the Shores in Connemara & Other Writings in 1996. Rinne sé eagarthóireacht ar The Aran Islands le J.M. Synge i gcomhair Penguin Books leis. Tháinig My Time in Space, cnuasach d’aistí dírbheathaisnéiseacha, amach in 2001, agus in 2002 eisíodh cnuasach de shaothair ficsin, Tales & Imaginings. D’fhoilsigh Penguin Books Connemara: Listening to the Wind, an chéad imleabhar i dtríológ Chonamara, in 2006. Bhuaigh an leabhar sin Gradam Argosy le haghaidh Saothar Neamhfhicsin ag Gradaim Leabhar na hÉireann.
Bhí cónaí air i gCloch na Rón, Conamara, áit a reáchtálann a pháirtnéir Máiréad Folding Landscapes – an comhlacht a d’fhoilsigh a chuid léarscáileanna.
←Fill ar ais go dtí an nuacht