Léirigh an Chomhairle Ealaíon ómós inniu don fhile Séamus Heaney, i dteannta Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath agus an fhile Paul Durcan chun dealbh bhrád den fhile leis an dealbhóir Carolyn Mulholland a nochtadh ar Fhaiche Dhumhach Thrá.
Bhí cónaí ar Heaney i nDumhach Thrá ar feadh blianta fada agus bhí ceangal láidir aige leis an tsráidbhaile sula bhfuair sé bás in 2013. Sa searmanas gearr, ina ndearnadh comóradh freisin ar chothrom caoga bliain ó foilsíodh a chéad bhailiúchán, Death of a Naturalist, nochtadh an saothar cré-umha leis an aghaidh díreach trasna na faiche ó dhealbh bhrád dá chomhfhile agus Chomh-Laureate Nobel William Butler Yeats.
Dúirt Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath Críona Ní Dhálaigh: “Táim bródúil ómós a thabhairt do Shéamus Heaney agus áit shuaimhneach a thabhairt dó anseo sa pháirc agus deis a thabhairt do mhuintir na cathrach an saothar seo le Carolyn Mulholland a fheiceáil. Is mian liomsa, agus le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, go mbeadh muintir Bhaile Átha Cliath agus cuairteoirí ar a gcompord anseo i gcomhluadar W.B. Yeats agus Shéamuis Heaney, beirt fhear a mairfidh a gclú go deo na ndeor. Tar anseo agus lig do scíth i gcomhluadar na bhfilí sárchumasacha cosúil le W.B. Yeats agus Seamus Heaney.”
Ag labhairt faoin gcur i láthair, dúirt teaghlach Heaney, “Táimid fíorbhródúil go mbeidh an dealbh bhrád seo de Shéamus ar taispeáint go poiblí i nDumhach Thrá, áit a raibh Séamus sona sásta ar feadh blianta fada.”
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Bhí Séamus Heaney ina chara ag ealaíontóirí, ag gailearaithe, ag lucht acadúil agus ag foirgnimh ealaíne poiblí na cathrach agus an oileáin seo. Bhí sé flaithiúil agus eiseamláireach ó thaobh a dhualgais shóisialta, agus ba mhinic leis an gComhairle Ealaíon leas a bhaint as a chuid críonnachta, cairdis agus tacaíochta.”
Dúirt sí freisin: “Táimid ríméadach go mbeidh an píosa galánta agus leochaileach dealbhóireachta seo le Carolyn Mullholand ar taispeántas poiblí ar Fhaiche Dhumhach Thrá. Ar ndóigh oireann sé go breá go gcuimhneofaí ar Heaney in áit phoiblí, fear a rinne an oiread oibre chun ‘Poblacht Coinsiasa’ a thógáil, fear a bhí coinsiasach ar go leor leor bealaí, agus é meáite i gcónaí ar an smaoineamh maidir leis an rud sibhialta a chur in iúl.”
Dúirt an file, agus go deimhin cara de chuid Shéamuis Heaney, Paul Durcan, “Tar éis dom bualadh le Séamus Heaney den uair dheiridh ar thrá Dhumhach Thrá scríobh mé dá chuige i bhfoirm litreach dar teideal ‘Sandymount Strand Keeping Going’:
We knew where we had come from, the medieval kingdoms
Of the 1940s, the ballrooms where he obeyed his mother's pleas
‘Be sure and dance with the girls who are not asked.’ “
I láthair ag an ócáid freisin bhí slua mór gaolta agus cairde le Heaney, daoine ó phobal na n-ealaíon, ionadaithe poiblí agus daoine eile a chuir a mbeannacht leis an ócáid.
←Fill ar ais go dtí an nuacht