Chun ómós a léiriú dó ag deireadh a thréimhse mar Laureate na nÓg, beidh Eoin Colfer páirteach in agallamh poiblí le Rick O’Shea an 28 Aibreán.
I rith a théarma dhá bhliain, stiúir Eoin Colfer camchuairt scéalaíochta ar fud na tíre le Once Upon a Place, a thug scéalta chomh fada le leanaí ar fud na hÉireann ar fad, agus rinneadh coimisiúnú freisin ar dhíolaim scéalta agus dánta do leanaí a foilsíodh i mí na Samhna 2015. Beidh an t-agallamh poiblí seo leis an gcraoltóir Rick O’Shea ar an imeacht deiridh a bheidh ag Eoin nuair a phléifidh sé buaicphointí a thréimhse mar Laureate agus na pleananna atá aige don todhchaí.
- Dáta agus am: Déardaoin, an 28 Aibreán, 6pm
- Láthair: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
- Ticéid: ticéid in aisce. Chun áit a chur in áirithe, seol ríomhphost chuig Nessa O’Mahony ag info@childrenslaureate.ie
Tabhair faoi deara, gur do dhaoine fásta amháin é seo agus nach mbeidh sé oiriúnach le haghaidh lucht éisteachta níos óige.
Chun tuilleadh eolais a fháil, feic: Agallamh Poiblí le Laureate na nÓg.
←Fill ar ais go dtí an nuacht