Tá a ghealltanas coinnithe ag Laureate na nÓg, Eoin
Colfer, chun scéalta a thabhairt chuig áiteanna draíochtúla. Tá camchuairt
náisiúnta scéalaithe Once Upon a Place seolta aige i Rinn Duáin i
gContae Loch Garman. D’fhás Eoin aníos sa cheantar agus fuair sé inspioráid do
go leor dá scéalta ón tírdhreach agus ó na foirgnimh áille, lena n-áirítear
Teach Solais Rinn Duáin agus Halla Loftus a bhfuil an-atmaisféar ann. Bhí
an-áthas air páistí a thabhairt le chéile ó scoileanna ar fud Loch Garman le
héisteacht le scéalta arna n-insint aige féin, ag P.J. Lynch agus ag Gráinne
Clear.
Tháinig na páistí as Scoil Chainnigh, Ros Mhic
Thriúin, Scoil Mhuire, na Botha Fuara agus Scoil Mhaodhóig, Poll Fothair agus
bhí roinnt dá gcuid múinteoirí ina dteannta. Ag an teach solais, d’éist siad le
scéalta Eoin ón gceantar sula ndeachaigh siad ar thuras gearr chuig Halla
Loftus, áit ar inis P.J. Lynch scéal dóibh faoi eisimirceach ar an Mayflower.
Bhí George Lawlor, Méara Loch Garman, Philip Knight as
Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Loch Garman agus Eileen Morrissey as
Leabharlanna Chontae Loch Garman ina dteannta níos luaithe sa lá.
Rachaidh camchuairt Once Upon a Place fud fad
na hÉireann – tá tuilleadh faisnéise ar fáil anseo: Camchuairt
scéalaíochta Once Upon a Place fógartha
←Fill ar ais go dtí an nuacht