Tá comhpháirtíocht fhada ag an gComhairle Ealaíon le roinnt ollscoileanna Éireannacha chun poist mar Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht a chur ar fáil d’fhonn deis a thabhairt do mhic léinn ollscoile atá i mbun clár MA agus MFA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach oibriú le húdar gairmiúil a bhfuil meas air, agus d’fhonn deis a thabhairt do scríbhneoirí a saothar a fhorbairt fad is atá seasamh airgeadais réasúnta cobhsaí acu.
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon na Ceapacháin seo a leanas mar Scríbhneoir Cónaithe agus Comhaltacht a fhógairt le haghaidh 2018/2019.
Ceapadh Danielle McLaughlin mar Scríbhneoir Cónaithe i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.
Foilsíodh scéalta dá cuid i nuachtáin agus in irisí cosúil le The Stinging Fly, The Irish Times, Southword, agus The New Yorker, agus i neart cnuasach chomh maith. D’fhoilsigh The Stinging Fly Press a céad cnuasach gearrscéalta Dinosaurs on Other Planets in Éirinn in 2015, agus sa RA (John Murray), i SAM (Random House) agus sa tSlóvaic (Inaque) sa bhliain 2016. Bhí sí ina Comhalta ar Cuairt ag Ionad Oscar Wilde do Scríbhneoireacht na hÉireann i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath in 2017. Eagraíonn sí Fiction at the Friary, imeacht ficsin saor in aisce míosúil i gCorcaigh a bhíonn ar siúl in Friary Bar, An Meal Thuaidh, ar an Domhnach deiridh gach mí, in éineacht leis an scríbhneoir agus alumnas MA, Madeleine D’Arcy.
Photo: Bobbie Hanvey
Beidh an file Mary O'Malley ina Comhalta Scríbhneoireachta i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath.
Tá Mary O’Malley ar dhuine de na filí is cáiliúla in Éirinn, mhúin sí ar chúrsaí MA Scríbhneoireachta agus Oideachais sna hEalaíona ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar feadh deich mbliana, bhí sí ina Ceann Foirne ar Léinn na hÉireann in Ollscoil Villanova in 2013 agus bhí cónaitheachtaí aici i bPáras, in Tarragona, i Nua-Eabhrac, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i nDoire, i mBéal Feirste agus i Maigh Eo. Bhí sí ar chomhairle Éigse Éireann agus ar an gCoiste d’Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Cúirt ar feadh ocht mbliana. Is ball de Aosdána í agus tá neart gradam faighte aici as a filíocht. Scríobhann sí do Raidió RTÉ agus craoltar a saothair go rialta chomh maith. Foilsíodh an bailiúchán is déanaí uaithi, Playing the Octopus, in 2016.
Photo: Bríd O'Donovan
Ceapadh Sinéad Gleeson ina Comhalta Scríbhneoireachta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Bhí aistí de chuid Sinéad Gleeson le feiceáil i bhfoilseacháin cosúil le Granta, Winter Papers, Gorse agus Banshee agus Elsewhere Journal. Foilsíodh gearrscéalta dá cuid sna díolaimí Looking at the Stars, The Broken Spiral, Repeal the 8th agus Being Various, agus cnuasach Faber atá le teacht ar Scríbhneoireacht Éireannach Nua (Bealtaine 2019). Foilsíodh dánta dá cuid sna díolaimí Washing Windows? Irish Women Write Poetry, Autonomy agus Reading the Future. Tá sí ina heagarthóir ar thrí dhíolaim ghearra, lena n-áirítear na bailiúcháin a ghnóthaigh gradaim, The Long Gaze Back: an Anthology of Irish Women Writers (2015) agus The Glass Shore: Short Stories by Women Writers from the North of Ireland (2016). Foilseoidh Picador a céad cnuasach aistí, Constellations in Aibreán 2019. Tá úrscéal á scríobh aici faoi láthair ar a mbeidh sí ag obair mar chuid de ról na Comhaltachta Scríbhneoireachta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
←Fill ar ais go dtí an nuacht