Teideal an Phoist: Comhalta Scríbhneoireachta Chruthaithí
Scoil/Coláiste: Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta, Coláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Spriocdháta: Dé Céadaoin, an 31 Iúil 2019
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí Éireannacha de cháil bhunaithe ar Chomhaltacht Scríbhneoireachta Cruthaithí arna cómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta. Is é is aidhm le ról na Comhaltachta Scríbhneoireachta Cruthaithí deis ar leith a thabhairt do scríbhneoir a c(h)leachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus deis a thabhairt do phobal na hollscoile ag an am céanna oibriú le scríbhneoir atá ag cleachtadh. Beidh an Chomhaltacht ar fáil don tréimhse Eanáir-Lúnasa 2020 agus gheobhaidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/léi táille €18,300.
Iarrtar ar iarrthóirí litir chumhdaigh ina leagtar amach a spéis, mar aon le CV iomlán ina mbeidh sonraí faoina dtaithí teagaisc ina luafar ainmneacha agus sonraí teagmhála beirt mholtóirí, a chur isteach chuig: An tUasal Deirdre Daly, Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4. Déan teagmháil leis an Uasal Deirdre Daly chun tuairisc ar an bpost a fháil; féadfar ceisteanna neamhfhoirmiúla a sheoladh chuig an Dr Paul Perry: Paul.Perry@ucd.ie
Tabharfar cuireadh chun agallaimh d’iarratasóirí ar cuireadh ar ghearrliosta iad bunaithe ar na critéir seo a leanas:
- Cuntas teiste ealaíonta
- Taithí ag múineadh na scríbhneoireachta cruthaithí
- Caighdeán an tionscnaimh/an chur chuige atá beartaithe don chónaitheacht
Is féidir iarratais a sheoladh sa phost chuig an seoladh thuas nó ar ríomhphost chuig: graduateedf@ucd.ie
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas tráth nach déanaí ná 17.00 Dé Céadaoin, an 31 Iúil 2019.
←Fill ar ais go dtí an nuacht