Ollscoil Luimnigh
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí Éireannacha nó scríbhneoirí atá bunaithe in Éirinn le cáil mhaith le haghaidh Chomhaltacht Scríbhneora thar na gcineálacha scríbhneoireachta ar fad (m.sh. ficsean, neamhfhicsean cruthaitheach, filíocht, drámaíocht, scannánaíocht) na Comhairle Ealaíon / Ollscoil Luimnigh arna maoiniú ag Ollscoil Luimnigh agus ag an gComhairle Ealaíon.
Beidh an Chomhaltacht ar siúl sa tréimhse ó Eanáir – Meitheamh 2017, nó, má fheileann sé don Chomhalta, ar feadh na bliana féilire ar fad Eanáir – Nollaig 2017, agus seisiún tosaigh amháin i bhfómhar na bliana 2016. Tá an Clár Scríbhneoireachta Cruthaithí ag Ollscoil Luimnigh faoi stiúir an Ollaimh Joseph O’Connor agus múineann neart scríbhneoirí a bhfuil an-cháil orthu ar an gcúrsa agus an t-úrscéalaí, an tOllamh Giles Foden, Donal Ryan agus Sarah Moore Fitzgerald ina measc.
Beidh an Comhalta mar chuid de phobal Scríbhneoireachta Cruthaithí Ollscoil Luimnigh agus beidh sé/sí ag obair le mic léinn, le baill foirne agus leis an bhfoireann teagaisc ar roinnt bealaí. Beidh deis ag an gComhalta a s(h)aothar féin a fhorbairt i dtimpeallacht thacúil. Is ionann an stipinn don Chomhaltacht agus €20,000.
Iarrtar ar iarrthóirí ar spéis leo a bheith páirteach litir chumhdaigh ina leagtar amach a réimsí spéise, taithí múinteoireachta (más ann dá leithéid), smaointe le haghaidh rannpháirtíochta i gclár Scríbhneoireacht Chruthaitheach Ollscoil Luimnigh, mar aon le CV iomlán ina luafar ainm agus sonraí teagmhála 3 moltóirí, a sheoladh chuig ár gComhordaitheoir Cláir don Scríbhneoireacht Chruthaitheach, Clare Ryan, claire.ryan@ul.ie
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná tráth nach déanaí ná 12 meán lae, an 26 Lúnasa 2016. Reáchtálfar agallaimh timpeall mí ina dhiaidh sin in Ollscoil Luimnigh.
UCD
Teideal an Phoist: Comhaltacht Scríbhneora
Scoil/Dámh:Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta, Coláiste na nEalaíon agus an Léinn Cheiltigh, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Spriocdháta: Dé Luain an 5 Meán Fómhair 2016
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí Éireannacha de cháil bhunaithe ar Chomhaltacht Scríbhneoirí (agus béim faoi leith ar an bhficsean), arna maoiniú ag Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta agus trí chúnamh deontais ón gComhairle Ealaíon. Beidh an Chomhaltacht ar fáil don tréimhse Eanáir-Meitheamh 2017 agus gheobhaidh an scríbhneoir a n-éireoidh leis/léi táille €18,300.
Iarrtar ar iarrthóirí litir chumhdaigh ina leagtar amach a spéis, mar aon le CV iomlán ina mbeidh sonraí faoina dtaithí teagaisc agus ina luafar ainmneacha agus sonraí teagmhála 2 mholtóirí, a chur isteach chuig: An tUasal Hilary Gow, Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4. Is féidir fiosruithe neamhfhoirmiúla a dhéanamh leis an Uasal James Ryan ag james.ryan@ucd.ie nó leis an Ollamh Danielle Clarke ag danielle.clarke@ucd.ie
Is féidir iarratais a sheoladh tríd an bpost chuig an seoladh thuas nó ar ríomhphoist chuig: hilary.gow@ucd.ie
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas tráth nach déanaí ná 17.00 Dé Luain, an 5 Meán Fómhair 2016.
←Fill ar ais go dtí an nuacht