Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuiltear tar éis an t-úrscéalaí Danny Denton a cheapadh mar Scríbhneoir Cónaithe ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Tá an ról mar Scríbhneoir Cónaithe cómhaoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
Tá comhpháirtíocht fhada ag an gComhairle Ealaíon le roinnt ollscoileanna Éireannacha chun poist mar Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht a chur ar fáil d'fhonn deis a thabhairt do mhic léinn ollscoile atá i mbun clár MA agus MFA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach oibriú le húdar gairmiúil a bhfuil meas air, agus d'fhonn deis a thabhairt do scríbhneoirí a saothar a fhorbairt fad is atá seasamh airgeadais réasúnta cobhsaí acu.
Grianghraf: Monika Gorka
Beathaisnéis
Is scríbhneoir ó Chontae Chorcaí é Danny Denton. D'fhoilsigh Granta Books a chéad úrscéal,The Earlie King & The Kid In Yellow,
in 2018, agus ainmníodh é do 'Nuascríbhneoir na Bliana' ag Gradam Leabhar na hÉireann. I measc foilseachán eile, bhí a shaothar le feiceáil inThe Stinging Fly,
Southword,
Granta,
Winter Papers,
The Dublin Review,
Tate Etc,
The Guardian,
The Irish Times,
Architecture Ireland agusThe Big Issue. Tá sé ina eagarthóir ar an iris The Stinging Fly,
ó mhí na Nollag 2018.
←Fill ar ais go dtí an nuacht