Scríbhneoir Cónaitheach, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
1 Meán Fómhair 2017 – 31 Lúnasa 2018
Tá iarratais á lorg ó scríbhneoirí dearscnaitheacha don ról thuas, atá cómhaoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
Is é is aidhm le ról an Scríbhneora Chónaithigh deis ar leith a thabhairt do scríbhneoir a c(h)leachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus deis a thabhairt do phobal na hollscoile ag an am céanna oibriú le scríbhneoir atá ag cleachtadh. Ceapfar an Scríbhneoir Cónaitheach ar feadh bliana agus íocfar €20,000 leis an iarratasóir a n-éireoidh leis/léi.
Cuirfidh sé/sí idir ceithre agus sé huair an chloig teagmhála in aghaidh na seachtaine ar fáil thar dhá sheimeastar, agus cuirfidh sé/sí ceardlanna agus comhairliúcháin aonair ar fáil. Beidh an Scríbhneoir Cónaitheach in ann a c(h)uid tionscadal féin a chur i gcrích gan aon chur isteach i rith saoire ollscoile.
Beifear ag súil go ndéanfaidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis dhá léamh poiblí i rith na cónaitheachta, agus go mbeidh sé/sí páirteach sna ceangailtí torthúla a cruthaíodh idir cláir Scríbhneoireachta Cruthaithí i Scoil an Bhéarla agus na pobail scríbhneoireachta agus na féilte liteartha níos leithne i gcathair Chorcaí.
Fáiltímid roimh iarratais ó scríbhneoirí a oibríonn i seánraí lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta díobh seo: ficsean; filíocht; neamhfhicsean; scríbhneoireacht drámaí; scéalaíocht dhigiteach.
Ba cheart iarratas a dhéanamh trí litir nó ríomhphost, ina léireofar go bhfuil tú oiriúnach don phost, faoin 1 Bealtaine 2017, lena n-áirítear CV ina mbeidh sonraí maidir leis na leabhair atá foilsithe agat. Ní mór go mbeadh taifead láidir d’fhoilseacháin ardchaighdeáin ag iarrthóirí.
Is féidir fiosruithe neamhfhoirmiúla faoin bpost a dhéanamh leis an Dr Eibhear Walshe, Scoil an Bhéarla (e.walshe@ucc.ie)
Ba cheart iarratais a sheoladh chuig: englishdepartment@ucc.ie
Spriocdháta: 1 Bealtaine 2017
Is i gCorcaigh a bheidh na hagallaimh ar siúl an 29 Bealtaine.
←Fill ar ais go dtí an nuacht