Cuirtear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí Éireannacha le cáil mhaith sna gcineálacha scríbhneoireachta ar fad (m.sh. ficsean, neamhfhicsean cruthaitheach, filíocht, drámaíocht, scannánaíocht), le bheith ina Scríbhneoir Cónaithe, arna mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus Ollscoil Luimnigh.
Beidh an Scríbhneoir Cónaithe mar chuid de phobal Scríbhneoireachta Cruthaithí Ollscoil Luimnigh agus oibreoidh sé/sí le mic léinn, le baill foirne agus leis an bhfoireann teagaisc ar roinnt bealaí. Beidh deis ag an Scríbhneoir Cónaithe a s(h)aothar féin a fhorbairt i dtimpeallacht thacúil. Is ionann an stipinn don chónaitheacht agus €20,000.
Beidh an chónaitheacht ar fáil don bhliain féilire iomlán ó Eanáir – Nollaig 2018. D’fhéadfadh sé, dá mbeadh comhaontú faoi, go dtabharfadh an t-iarrthóir faoi chónaitheacht níos giorra, le stipinn laghdaithe.
Tá an Clár Scríbhneoireachta Cruthaithí ag Ollscoil Luimnigh faoi stiúir an Ollaimh Joseph O’Connor agus múineann neart scríbhneoirí a bhfuil an-cháil orthu ar an gcúrsa, lena n-áirítear na húrscéalaithe Sarah Moore Fitzgerald, an tOllamh Giles Foden agus Donal Ryan.
Iarrtar ar iarrthóirí ar spéis leo a bheith páirteach litir chumhdaigh ina leagtar amach a réimsí spéise, taithí múinteoireachta (más ann dá leithéid), smaointe le haghaidh rannpháirtíochta i gclár Scríbhneoireacht Chruthaitheach Ollscoil Luimnigh, mar aon le CV iomlán ina luafar ainm agus sonraí teagmhála 3 moltóirí, a sheoladh chuig ár gComhordaitheoir Cláir don Scríbhneoireacht Chruthaitheach, Niamh O’Sullivan: niamh.osullivan@ul.ie
Spriocdháta: 12 meán lae an 26 Deireadh Fómhair, 2017.
Reáchtálfar agallaimh sa Chomhairle Ealaíon, Baile Átha Cliath timpeall mí tar éis an dáta deiridh.
←Fill ar ais go dtí an nuacht