Tá seirbhísí roinnt Comhairleoirí Ealaíon á bhfáil ag an gComhairle Ealaíon chun riachtanais na heagraíochta a shásamh ó thaobh cáilíochta agus seachadadh seirbhíse de. Is iad seo a leanas na réimsí ealaíne lena mbaineann sé sin: Litríocht (Béarla), Litríocht (Gaeilge) agus na hAmharc-ealaíona. Déanfar gach conradh a thairgeadh as féin.
Is cleachtóirí a bhfuil taithí acu sna réimsí ábhartha a bheidh sna tairgeoirí a n-éireoidh leo, agus beidh an saineolas agus an taithí riachtanach acu le hoibriú le foireann na Comhairle Ealaíon trí chuidiú le meastóireacht agus measúnú a dhéanamh ar iarratais ar mhaoiniú, trí chomhairle chriticiúil a sholáthar ar shaothair ealaíne agus trí chomhairle a thabhairt i ndáil le beartas i leith foirmeacha ealaíne, de réir mar is gá.
Déantar iarratas ar gach ceann de na conarthaí sin trí phróiseas tairisceana poiblí agus sin amháin, próiseas a chuirfear ar fáil trí shuíomh gréasáin soláthair ríomhthairiscintí an Rialtais www.etenders.gov.ie.
Ba cheart go gcuirfí gach tairiscint maidir leis na tograí isteach faoi mheán lae, Déardaoin an 8 Márta 2018. Ba cheart aon cheist nó soiléiriú i dtaobh ceann ar bith de na conarthaí sin a sheoladh chuig an tsaoráid Ceisteanna agus Freagraí www.etenders.gov.ie faoi mheán lae, Dé Céadaoin an 21 Feabhra 2018 agus níor cheart iad a chur chuig an gComhairle Ealaíon.
←Fill ar ais go dtí an nuacht