Tá ríméad ar an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD a fhógairt go bhfuil Annex roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an 17ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta a bheidh ar siúl sa Veinéis in 2020, taispeántas ar a dtugtar Biennale Ailtireachta na Veinéise.
Ailtirí David Capener, Donal Lally, Clare Lyster agus na healaíontóirí Sven Anderson, Alan Butler agus sainphleanálaí ar chúrsaí uirbeacha Fiona McDermott atá sa chomharghrúpa. I ndiaidh glao oscailte a rinne Cultúr Éireann, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon, roghnaíodh Annex chun taispeántas náisiúnta na hÉireann a chur i láthar ag Biennale na Veinéise na bliana seo chugainn.
Dúirt an tAire Madigan: “Tá taispeántas ábhartha agus iontach curtha chun cinn ag Annex maidir leis an gceangal idir ailtireacht agus bonneagar sonraí. Tá Éire i riocht maith chun an dioscúrsa maidir le bonneagar sonraí i gcleachtadh comhaimseartha ailtireachta a chur chun cinn agus is téama é atá ábhartha ar fud an domhain."
Déanann an taispeántas, dar teideal “Entanglement”, scrúdú ar ailtireacht agus cluichreáin sonraí, agus tapaíonn sé an deis chun plé tábhachtach agus tráthúil náisiúnta agus idirnáisiúnta a spreagadh, ag pailliún na hÉireann sa Veinéis in 2020. Dúirt Annex:
“Táimid ag súil le breathnú ar mar atá cúrsaí dearaidh ábalta freagairt don tionchar atá ag bonneagair sonraí agus teicneolaíochtaí gréasánacha, na bealaí ina samhlaítear iad, na spásanna a chruthaíonn siad agus na bealaí a bhfuil ceangal acu lenár gcuid nósanna agus mianta.
Tá taispeántas Annex ag teacht leis an téama atá leagtha amach ag an léiritheoir Hashim Sarkis do Biennale na bliana 2020 “How will we live together?” Faoin téama seo, iarrann Sarkis ar ailtirí spásanna a shamhlú ina mbeadh muid in ann maireachtáil go gnaíúil lena chéile , mar dhaoine, agus ceangal a bheith againn lena chéile agus le speiceas eile, i spásanna digiteacha agus san fhíorspás. Tá Annex ag freagairt don chuireadh a thug an léiritheoir d'ailtirí a bheith páirteach i Biennale Architettura 2020 chun dul i mbun cainte le gairmeacha eile lena a gcuid taispeántas a chur i láthair.
Tá Biennale Ailtireachta na Veinéise, a bheidh ar siúl ón 23 Bealtaine go dtí an 29 Samhain 2020, ar an ardán domhanda is tábhachtaí maidir le hailtireacht a thaispeáint, a bhfuil baint ag an bpobal, baill den tsochaí shibhialta, daoine aonair agus institiúidí leis.
Is tionscnamh tábhachtach de chuid Chultúr Éireann é Éire sa Veinéis, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon. Deis atá i Biennale Ailtireachta na Veinéise ailtireacht na hÉireann a chur os comhair an domhain agus tugtar deis d'ailtirí na hÉireann dul i mbun cainte le lucht féachana thar lear. Cuirfidh Éire sa Veinéis leis an tionchar a d’imir Éire ag Biennale na Veinéise na bliana seo caite, a ndearna Shelly McNamara agus Yvonne Farrel ó Grafton Architects ionadaíocht uirthi.
Tabharfar taispeántas na hÉireann ar camchuairt in Éirinn tar éis an taispeántais sa Veinéis in 2021.
←Fill ar ais go dtí an nuacht