Tá eagraíochtaí ealaíon na hÉireann ag fáil níos mó airgid ó infheistíocht phríobháideach, a dúirt an Chomhairle Ealaíon inniu.
Léiríonn réamhfhigiúirí ón dara bliain de threoirthionscadal RAISE, treoirthionscadal tiomsú airgid trí bliana na Comhairle Ealaíon, fás bliantúil 18% ón mbliain 2013 agus fás bliantúil 52% ón mbliain 2012 i measc na 10 n-eagraíocht ealaíon rannpháirteacha.
Tiomsaíodh €1.7 milliún sna heagraíochtaí rannpháirteacha in 2012 ó ioncam deonach agus ó urraíocht. D’ardaigh an figiúr go €2.6 milliún do 2014.
Seoladh tionscnamh RAISE chun cuidiú le heagraíochtaí ealaíon airgead a thiomsú go héifeachtach. Ceapadh an tionscadal chun uirlisí, scileanna agus acmhainní a thabhairt d’eagraíochtaí leis an infheistíocht a fhaigheann siad ó fhoinsí príobháideacha a mhéadú go mór.
Tagann na sonraí seo chun cinn tar éis fhoilsiú an dara tuarascáil darb ainm Irish Arts Sector, Private Investment Report (Earnáil na nEalaíon Éireannach, Tuarascáil ar Infheistíocht Phríobháideach). Déantar sainaithint agus anailís sa tuarascáil ar an méid infheistíochta príobháidí a fhaigheann eagraíochtaí a mhaoiníonn an Chomhairle Ealaíon gach bliain. Déantar anailís sa tuarascáil ar infheistíocht phríobháideach in 2013 agus déantar comparáid inti idir an bhliain sin agus an bhliain roimhe. Dá bharr sin, is uirlis úsáideach í le haghaidh treochtaí a shainaithint agus tugtar tagarmharc d’eagraíochtaí ealaíon maidir leis an oiread infheistíochta príobháidí atá á mealladh ag piareagraíochtaí.
Sa bhliain 2013, fuair eagraíochtaí faoi mhaoiniú na Comhairle Ealaíon €7.6 milliún d’infheistíocht phríobháideach – 57% de sin ó dhaonchairdeas agus 43% de sin ó urraíocht. I gcomparáid leis an bhfigiúr don bhliain 2012, tá méadú 30% tagtha ar ioncam deonach agus tá méadú 5% tagtha ar urraíocht. Is é 18% iomlán na hinfheistíochta príobháidí atá tuairiscithe. Tá an staidéar bunaithe ar fhaisnéis chomparáideach a chuir 168 eagraíocht isteach.
Seo a leanas na heagraíochtaí a bhfuil baint acu leis an treoirthionscadal RAISE: Institiúid Scannán na hÉireann, Féile Ealaíon na Gaillimhe, Féile Cheoldrámaíochta Loch Garman, an tAcadamh Ibeirneach Ríoga, na Píobairí Uilleann, Cór Aireagail na hÉireann, Cumann Náisiúnta na gCór, Amharclann Hawk’s Well, Foras Ailtireachta na hÉireann agus The Model.
Tuilleadh sonraí faoin tuarascáil ar Bhliain 2 RAISE
Treoirthionscadal RAISE: Tuarascáil ar Bhliain 2 (2014)
Chuir an Chomhairle Ealaíon tús in 2012 le hinfheistíocht i neartú acmhainní tiomsú airgid. Roghnaíodh 12 eagraíocht. Cuireadh tús leis an treoirthionscadal RAISE i ráithe dheireanach na bliana 2012 agus faoi Eanáir na bliana 2014, bhí a gclár neartú acmhainní curtha i gcrích ag aon cheann déag de na heagraíochtaí a roghnaíodh, lenar áiríodh earcú 11 tiomsaitheoir airgid. I gcás eagraíocht amháin a chuir tús an chláir siar sa bhliain 2014, chuaigh sí i mbun an Treoirthionscadail ina dhiaidh sin agus tá airgead á thiomsú go gníomhach aici anois. Bhí bearnaí ann i ngníomhaíocht de chuid trí eagraíocht toisc nach raibh aon acmhainní i bhfeidhm acu. Den chuid is mó, ba í an bhliain 2014 an chéad bhliain inar thug formhór na n-eagraíochtaí faoi ghníomhaíochtaí tiomsú airgid.
Ní gníomhach ó thaobh cúrsaí ealaíne de atá dhá cheann de na heagraíochtaí a ghlac páirt sa treoirthionscadal sa bhliain 2015 agus, dá bhrí sin, baineadh iad as na figiúirí chun críocha comparáide. Rinneadh roinnt coigeartuithe ar na sonraí do 2012 agus do 2013 freisin chun coigeartuithe sa bhliain roimhe a d’eascair as cuntais iniúchta a léiriú.
Caithfidh na heagraíochtaí uile tuarascálacha monatóireachta a chur isteach gach mí ar mhéid agus ar chineál na hinfheistíochta príobháidí a áirithíodh sa mhí roimhe sin agus sa bhliain go dtí sin. Tá sonraí ar fáil anois ina dtaispeántar ioncam infheistíochta príobháidí do 2012, do 2013 agus do 2014 le haghaidh gach eagraíochta atá páirteach sa treoirthionscadal RAISE:
Seo a leanas na príomhthorthaí:
• B’ionann infheistíocht phríobháideach in 2014 d’eagraíochtaí RAISE agus €2.6 milliún.
• Sa bhliain 2014, mhéadaigh Infheistíocht Phríobháideach d’eagraíochtaí RAISE faoi 18% ar an bhfigiúr do 2013 agus faoi 52% ar an bhfigiúr do 2012
• Tá sé mar aidhm ag eagraíochtaí €3.5m a bhaint amach i mBliain 3 (2015)
Gach eagraíocht RAISE | Iomlán 2014 | Iomlán 2013 | Iomlán 2012 | Iomlán 2014 vs iomlán 2012 |
Iomlán an Ioncaim Dheonaigh (gan comhchineál a áireamh | €1,095,000 | €1,028,000 | €601,000 | 82% |
Iomlán na hUrraíochta (gan comhchineál a áireamh) | €690,000 | €621,000 | €568,000 | 21% |
Iomlán an Chomhchineáil | €804,000 | €547,000 | €535,000 | 50% |
Iomlán na hInfheistíochta Príobháidí | €2,590,000 | €2,196,000 | €1,706,000 | 52% |
Leanfar ar aghaidh leis an monatóireacht i rith 2015 agus foilseofar sonraí i dtaobh Bhliain 3 (2015) den Treoirthionscadal RAISE in Aibreán 2016. Sa bhliain 2015, beidh airgead á thiomsú ag deich n-eagraíocht le meántréimhse 2 bhliain anuas.
←Fill ar ais go dtí an nuacht