Cuireann an Chomhairle Ealaíon a comhbhrón in iúl ar bhás Tommy Peoples, ceoltóir agus comhalta de chuid Aosdána.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, “Bhí an-mheas ar Tommy Peoples mar sheinnteoir fidle agus amhránaí den scoth.” Bhí tionchar ollmhór ag a chruthaitheacht agus a shaothar ealaíonta ar ealaíontóirí traidisiúnta. Cumadóir torthúil ab ea Peoples agus chuir léirmhíniú aonair ar fhoinn chun cinn go láidir. Spreag sé a dhaltaí le muinín a bheith acu as a gcluasa agus an giúmar nó mothúchán nádúrtha i bhfonn a aimsiú, agus muinín a bheith acu chun a nglór léirmhínitheach uathúil a aimsiú.”
Tá leagáid mhór fágtha ag Peoples dóibh siúd a thagann ina dhiaidh. In 2015, d’fhoilsigh sé a leabhar Ó Am go hAm – From Time to Time – Tutor, Text and Tunes, ina bhfuil 130 fonn nuachumtha mar aon le treoir chúramach maidir le boghadh, méarú agus frásáil. Tá saothar Peoples sa traidisiún freisin agus daoine eile á sheinm anois. Tá a phíosaí ceoil mar chuid de stór ealaíontóirí bunaithe eile agus castar go leor dá shaothair, ar nós The Greenfields of Glentown, go minic ag seisiúin cheoil.
D’oibrigh Peoples gan stad gan staonadh ó bhí sé ina dhéagóir. Bhí sé muiníneach as a chruthaitheacht féin agus ag an am céanna bhí meas aige ar shármhaitheas ceoil an tseánra thraidisiúnta agus spreag sé daoine eile chun an rud céanna a dhéanamh.
Bhí sé seo le feiceáil go soiléir ag an ócáid ómóis a eagraíodh do Tommy Peoples i rith Scoil Samhraidh Willie Clancy in 2018, áit ar chas go leor dá chomhoibrithe ealaíonta, dá chairde agus dá iardhaltaí ceoil chun ómós a léiriú dó agus buíochas a ghabháil leis.
In ainneoin drochshláinte ina bhlianta deiridh, lean Peoples air ag scríobh, ag taifeadadh agus ag cumadh. Nuair nach raibh sé in ann ceol a chasadh go poiblí níos mó, dúirt sé gur choinnigh an chumadóireacht “i dteagmháil agus ag cur leis an gceol traidisiúnta mé, a raibh mé páirteach ann agus a raibh grá agam dó ar feadh mo shaoil.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht