Is údar mór bróin don Chomhairle Ealaíon bás an údair Val Mulkerns. Comhalta de chuid Aosdána ba ea í freisin.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Duine de chéad bhaill Aosdána, bhí ról lárnach ag Val Mulkerns i ngach cuid de shaol liteartha agus cultúrtha na hÉireann. Scríbhneoir fíor-chumasach agus airdeallach agus duine álainn a bhí inti, d’oibrigh sí thar fhoirmeacha éagsúla – úrscéalta, gearrfhicsean, litríocht do leanaí, léirmheastóireacht, cuimhní. Bhí ómós mór di agus duine í a léigh cuid mhaith, fágann Mulkerns oidhreacht shaibhir ina diaidh, agus aireoimid uainn go mór í.”
Rugadh i mBaile Átha Cliath í in 1925, agus bhog sí go Londain tar éis di oibriú sa státseirbhís. D’fhill sí ar Éirinn in 1952 mar eagarthóir cúnta ar The Bell. I measc na n-úrscéalta a scríobh sí bhí A Time Outworn (1951), A Peacock Cry (1954), The Summerhouse (1984) agus Very Like A Whale (1986). Tá a cuid gearrscéalta curtha i gcnuasaigh mar Antiquities (1978), An Idle Woman (1980), agus A Friend of Don Juan (1988). Chomhbhuaigh sí Duais AIB don Litríocht in 1984. Bhí sí ar an gcéad scríbhneoir cónaithe i Leabharlann Chontae Mhaigh Eo idir 1987–1988, tráth a ndearna sí eagarthóireacht ar an díolaim New Writings from the West. Scríobh sí colún gach seachtain don Evening Press ó 1968 go 1983, agus scríobh sí dhá leabhar do leanaí, a aistríodh go Gearmáinis agus a d’fhoilsigh Benziger as Zürich. Bhí sí pósta leis an scríbhneoir Maurice Kennedy nach maireann, agus rinne sí eagarthóireacht ar chnuasach dá shaothair The Way to Vladivostok (2000) tar éis a bháis. Bhí cónaí uirthi lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Ba chraoltóir rialta a bhí inti, agus chuir sí cuimhní i gcrích le déanaí anuas.
Is cúis mhór bhróin don Chomhairle Ealaíon a bás.
←Fill ar ais go dtí an nuacht