Méala mór don Chomhairle Ealaíon cloisteáil faoi bhás an cheoltóra agus an chumadóra Mícheál Ó Súilleabháin.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, “Thug Mícheál rannchuidiú ollmhór, uathúil do shaol cultúrtha na hÉireann lena iliomad bua mar chumadóir, mar cheoltóir, mar fhear léinn, mar chraoltóir agus mar oideoir. Cé go raibh sé oilte sa cheol clasaiceach, léirigh sé grá, meas agus eolas mór ar an gceol traidisiúnta agus ar an amhránaíocht thraidisiúnta. Duine ar leith a bhí ann agus bhí tionchar tábhachtach aige ar cheol na hÉireann agus ar an oideachas ceoil. Bhí pearsantacht bhríomhar aige, lán fuinnimh agus grinn agus bua na cumarsáide agus an chairdis aige. Fágann Mícheál bailiúchán saibhir saothair ina dhiaidh agus tá inspioráid mar cheoltóir, mar oideoir agus mar chara fágtha le hoidhreacht aige do na glúnta atá le teacht. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal."
←Fill ar ais go dtí an nuacht