Is méala mór don Chomhairle Ealaíon é bás an ealaíontóra
agus comhalta de chuid Aosdána, Barbara Warren.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon:
“Is caillteanas mór do phobal na n-amharcealaíon in Éirinn í Barbara Warren.
D’oibrigh sí trí thréimhse iontach in ealaín na hEorpa agus rinne sí staidéar
faoi André Lhote, an péintéir ciúbaíoch cáiliúil ón bhFrainc. Is féidir an
tionchar sin a fheiceáil go minic ina cuid saothair ina bhfuil réidhe aisteach
den chumadh agus den dath, rud a d’fhág go raibh sé uathúil i gcomhthéacs
Ealaín na hÉireann san 20 hAois.”
Rugadh Barbara i mBaile Átha Cliath in 1925. Rinne sí
staidéar sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Regent Street Polytechnic i
Londain, agus André L'Hote i bPáras. Bhí sí ina léachtóir ina dhiaidh sin
Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha ó 1973 go 1984.
I measc a cuid taispeántas aonair bhí Dublin Painters'
Gallery (1954, 55); Dánlann Dásain, Baile Átha Cliath (1957, 61, 72); Dánlann
an Táilliúra, Baile Átha Cliath (1982, 86, 92); agus United Arts Club (1991). I
mí na Nollag 2002 agus mí Eanáir 2003, reáchtáil Gallagher Gallery de chuid
Acadamh Ríoga na hÉireann taispeántas mar iardhearcadh ar a saothar, agus
thaispeáin Taylor Galleries saothar as Éirinn agus ón Spáinn, inar díríodh ar
thírdhreacha agus ábhair neamhbheo. Áirítear péinteálacha éagsúla a d’fhás as
staidéir ar leabhair sceitse ina saothair le déanaí.
Áirítear le taispeántais ghrúpa taispeántais Bhliantúla agus
Nollag Acadamh Ríoga Ibeirneach 1950–2005; Taispeántas na hÉireann den Ealaín
Bheo 1953–1967; Oireachtas 1960–tús na 1970idí; Ealaín Chomhaimseartha na
hÉireann sa Ghearmáin – seachtar ealaíontóirí 1955; Péinteáil na hÉireann,
Gailearaí Hugh Lane, 1963. Ban-Ealaíontóirí na hÉireann – 18ú hAois go dtí an
lá atá inniu ann; Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, 1987; The Irish Figurists
and Figurative Painting in Irish Art Dublin/London, 1990; Féile Ealaíon
Mhainistir na Búille; Art of the State of New Direction, OPW, 1970–1985 agus
1998; Taispeántas Débhliantúil Fhlórans, an Iodáil, 1999.
Tá a saothar á choinneáil i mbailiúcháin Mhúsaem Uladh, Banc
Ríoga Alban, Oifig na nOibreacha Poiblí i mBaile Átha Cliath, sa National
Self-Portrait Collection of Ireland in Ollscoil Luimnigh agus in Iontaobhas
Haverty. Áirítear le seónna grúpa: Ealaín Chomhaimseartha na hÉireann sa
Ghearmáin (1955), Péintéirí na hÉireann agus na hOllainne, Gailearaí Hugh Lane
(1963) agus Ban-Ealaíontóirí na hÉireann ón Ochtú hAois Déag go dtí an Lá atá
Inniu ann, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann (1987). Bhuaigh sí scoláireacht
taistil Purser-Griffith i stair na péintéireachta Eorpaigh in 1955, Gradam Cuimhneacháin
James Kennedy as portráidíocht ón RHA in 1990, agus gradam gnóthachtála gairme
ag Taispeántas Débhliantúil Fhlórans i 1999.
←Fill ar ais go dtí an nuacht