Is méala mór don Chomhairle Ealaíon é bás an ealaíontóra agus comhalta Aosdána, Theo McNab.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, “Bhain fíoríogaireacht agus fíorghlaineacht, nach mbíonn le fáil go minic, le saothar Theo McNab, cé go raibh sé íosta. Bhí guth ar leith aige mar phéintéir agus cronóidh an pobal uile é.”
Tháinig Theo ar an saol i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1940. Mhúin sé an phéintéireacht dó féin agus is fearr aithne air mar gheall ar a chuid tírdhreacha teibí íosta. I measc na dtaispeántas aonair a chuir sé i láthair bhí Dánlann David Hendricks (1973, 75, 80), agus Dánlann Chumann Ealaíon Chorcaí (1976). Rinne sé ionadaíocht ar son na hÉireann ag féile phéintéireachta Cagnes-sûr-Mer i 1975 agus ghlac sé páirt i ngrúpsheónna in California, i Sasana, san Iodáil, sa Ghearmáin, sa tSeapáin agus sa tSín. Bhuaigh sé Gradam Carroll de chuid an Living Art Exhibition i 1971, Duais Phéintéireachta Waterford Glass i 1973, agus Duais Scott Tallon Walker ag Taispeántas an Oireachtais i 1976. Bhí sé mar cheann na mínealaíon sa Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha idir 1988 agus 2000.
←Fill ar ais go dtí an nuacht