Tá
an Chomhairle Ealaíon ag déanamh comhbhróin de thoradh bhás Mhairéad Furlong.
Bhí Mairéad ina ball den Chomhairle idir 1984 agus 1988.
Thug Mairéad
tacaíocht do na hamharcealaíona ar fud na tíre i rith a saoil ar fad agus bhí
sí ina ball gníomhach den Chomhairle idir 1984 agus 1988. Bhunaigh sí Cairde Bhailiúchán Ealaíne Chontae Loch Garman sa bhliain 2009.
Rugadh í i mBaile
Átha Cliath agus d’fhreastail sí ar Chlochar an Chreidimh Naofa i gCluain
Tarbh. D’oibrigh Mairéad sa déiríocht i Loch Garman le blianta fada. Ina
dhiaidh sin, chuir sí tús le gnó seandachtaí i 1973. Rinne Mairéad cuid mhór
staidéir ar stair na healaíne agus ar phéintéireacht tírdhreacha agus bronnadh
Dioplóma i Stair na Péintéireachta Eorpaí uirthi sa Choláiste Ollscoile, Baile
Átha Cliath. Léachtóir san ealaín ba ea í agus ba shaineolaí í ar shaothar
péintéireachta Caravaggio i gColáiste na Tríonóide.
Táimid ag cuimhneamh ar a fear céile, Nicky, ar a deirfiúr,
Muriel, agus ar a cuid gaolta uile. Ar dheis Dé go raibh a hanam.
←Fill ar ais go dtí an nuacht