- Tugann an Chomhairle Ealaíon cuireadh do scoileanna ar fud na hÉireann iarratas a dhéanamh ar chlár Scoileanna Ildánacha an rialtais
- Táthar ag súil go mbainfidh 150 scoil ar fud na tíre tairbhe as
Sheol an tAire Bruton agus an tAire Madigan Scoileanna Ildánacha inniu, tionscnamh lárnach i gClár Éire Ildánach an Rialtais, a chuireann na healaíona agus an chruthaitheacht i gcroílár shaol na leanaí agus na ndaoine óga. Spreag siad scoileanna ar fud an Stáit ar fad iarratas a dhéanamh le bheith páirteach sa tionscnamh.
Meán cumhachtach atá sna healaíona trínar féidir le leanaí agus daoine óga cumarsáid agus comhoibriú a fhiosrú, a samhlaíocht a spreagadh le bheith cruthaitheach, agus a bhfiosracht a chothú. Scileanna ríthábhachtacha iad seo atá le foghlaim ag gach duine óg.
Glacfaidh suas le 150 scoil ar fud na tíre páirt sa chlár píolótach agus oibreoidh siad le healaíontóirí, cleachtóirí cruthaitheacha agus oideachasóirí chun a gclár uathúil féin de shaothar ealaíne agus cruthaitheach a fhorbairt, á gceangal le raon iomlán acmhainní agus deiseanna áitiúla agus réigiúnacha.
Anuas air sin, gheobhaidh na scoileanna ar fad raon tacaíochtaí breise lena n-áirítear deontas aonuaire €2,000 agus oiliúint do mhúinteoirí sa scoil.
Ag labhairt dóibh ag an seoladh ag Central Model Senior School ar Shráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan agus an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton gur léirigh an tionscnamh deis iontach do leanaí sna scoileanna rannpháirteacha.
Arsa an tAire Madigan ag an seoladh: “Gné ríthábhachtach is ea an clár píolótach Scoileanna Ildánacha seo i gclár Éire Ildánach an Rialtais. Ciallaíonn sé go gcuirfear maoiniú agus saineolas ar fáil do na scoileanna rannpháirteacha lena chur ar a gcumas tionchar féideartha na n-ealaíon agus na cruthaitheachta ar shaol na scoile a fhiosrú.”
“Tá gach áit éagsúil, agus tá gach scoil éagsúil, agus tá mé ag súil go mór le breathnú ar an gcaoi a dhearfaidh an 150 scoil a gclár uathúil féin,” a dúirt sí.
Dúirt an tAire Bruton: “Scileanna ríthábhachtacha is ea cruthaitheacht agus solúbthacht do dhuine óg ar bith sa tsochaí nua-aimseartha. Tugann na healaíona dúshlán do dhuine smaoineamh ar bhealach éagsúil agus a bheith airgtheach chun réiteach a fháil ar fhadhbanna. Sin an chúis go bhfuil rannpháirtíocht sna healaíona iontach chun an cumas a thabhairt do dhaoine óga bheith airgtheach, criticiúil agus solúbtha.
Dúirt sé freisin: “Cuirtear ar chumas leanaí agus daoine óga a lánchumas a bhaint amach agus fás mar dhaoine aonair dea-oilte má fhorbraíonn siad a gcuid cruthaitheachta.”
Leag an tAire Bruton béim go bhfuil gach bunscoil agus iar-bhunscoil de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna mar aon le hionaid Ógtheagmhála incháilithe chun iarratas a dhéanamh,
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Tuigeann an Chomhairle Ealaíon ionas go mbeidh rath ar an gcruthaitheacht go gcaithfimid tábhacht na n-ealaíon a aithint mar aon le bonneagair, cláir agus bealaí oibre a thógáil a chuireann na healaíona i gcroílár shaol na scoile.”
Dúirt sí freisin: “Spreagfainn tuismitheoir ar bith an tionscnamh seo a thabhairt ar aird scoil a leanaí – agus aon mhúinteoirí nó príomhoidí clárú inniu. Ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh réimse scoileanna páirteach sa chéim phíolótach – in áiteanna éagsúla sa tír, faoin tuath agus sna cathracha, scoileanna DEIS, scoileanna speisialta, agus ionaid Ógtheagmhála.”
Dúirt sí go n-áireofaí scoileanna sa chlár píolótach atá ag céimeanna éagsúla dá dturas féin leis na healaíona agus an chruthaitheacht.
“Is é an rud is tábhachtaí do scoileanna a dheimhniú go bhfuil suim acu na healaíona agus an chruthaitheacht a fhorbairt ina scoil, a léiriú go bhfuil ceannaireacht na scoile sásta a bheith rannpháirteach, agus go ndéanfar éascú ar na leanaí agus na daoine óga go mbeidh ról lárnach acu i bpleanáil don chruthaitheacht ina scoil. Pé áit ina bhfuil do scoil, deis iontach atá anseo,” a dúirt McBride.
Ba chóir do scoileanna a bhfuil suim acu ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
- Céim 1 – Téigh ar líne chun tuilleadh eolais a fháil www.artscouncil.ie/creative-schools
- Céim 2 – Cláraigh do scoil inniu
- Céim 3 – Déan iarratas ar líne idir 20 Feabhra agus 22 Márta 2018
Is féidir iarratais a dhéanamh an 20 Feabhra agus fógrófar na scoileanna rannpháirteacha i mí Bealtaine 2018. Tosóidh an obair sna scoileanna i mí Mheán Fómhair 2018.
←Fill ar ais go dtí an nuacht