Ag ócáid níos túisce inniu i Scoil Náisiúnta Ghleann tSúilí i Leitir Ceanainn, sheol an tAire McHugh go hoifigiúil cur i bhfeidhm céimneach na Scoileanna Ildánacha/Creative Schools in 150 scoil ar fud na tíre. Tionscnamh lárnach i gClár Éire Ildánach an Rialtais is ea Scoileanna Ildánacha, a chuireann na healaíona agus an chruthaitheacht i gcroílár saol leanaí agus daoine óga. Tá Scoileanna Ildánacha faoi threoir na Comhairle Ealaíon i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le hionchur agus tacaíocht ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Tá liosta iomlán de na Comhlaigh Chruthaitheacha a oibreoidh leis an 150 Scoil Ildánach ar fud na tíre á fhógairt inniu freisin (féach an nasc thíos i gcomhair sonraí iomlána).
Is é is aidhm le Scoileanna Ildánacha na healaíona i scoileanna na hÉireann a thuiscint, a fhorbairt agus a cheiliúradh, agus cruthaitheacht agus rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga sna healaíona mar chuid lárnach dá n-oideachas in Éirinn a chothú. Tá treoir ag an tionscnamh ó thaighde a léiríonn go n-eascraíonn go leor torthaí dearfacha do leanaí as a rannpháirtíocht sna healaíona maidir lena bhforbairt chognaíoch, lena bhfolláine shoch-mhothúchánach agus lena ndearcadh i leith na scoile. Is mó an seans go mbeidh leanaí rannpháirteach i gcúrsaí ealaíon taobh amuigh den scoil, mar shampla léitheoireacht mar chaitheamh aimsire, má bhíonn siad rannpháirteach taobh istigh den scoil. (An Chomhairle Ealaíon/ESRI, 2016)
Ag labhairt ag an seoladh inniu dúirt an tAire McHugh; “Tá mé paiseanta faoin gcruthaitheacht agus faoi na healaíona a chur i gcroílár shaol na scoile. Tugann na healaíona dúshlán dúinn smaoineamh ar bhealach éagsúil agus féadann siad an chaoi a bhreathnaíonn tú ar an domhan a athrú. Tá tionscadal na Scoileanna Ildánacha an-tábhachtach ar an gcúis sin agus tá áthas orm go bhfuil sé anois á chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach in 150 scoil ar fud na tíre. Tá oifigigh sa Roinn Oideachais agus Scileanna agus sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon agus Éire Ildánach ag oibriú go crua chun an clár seo a chur i gcrích go rathúil. Tá ciall ag baint le cabhrú le daoine óga scileanna saoil a fhorbairt trí na healaíona a chur os a gcomhair go luath ina saol agus féadfaidh sé difear a dhéanamh dá leibhéil foriomlána gnóthachan sa saol.”
Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D. freisin: “Is lá tábhachtach agus spreagúil é seo, ní hamháin do gach duine atá páirteach i gClár Éire Ildánach agus sa tionscnamh Scoileanna Ildánacha, ach do na mílte leanbh agus duine óg a mbeidh deis acu a gcruthaitheacht a nochtadh ina saol scoile gach lá.
Ar cheann de na gnéithe is spreagúla den chlár seo tá an deis a thugann sé do gach scoil plean a chruthú bunaithe ar a sainmhíniú ar an gcruthaitheacht bíodh sin ina chódú, ailtireacht, beochan stop-dúiseachta. Teastaíonn uainn tacú leis an gcéad ghlúin eile de smaointeoirí cruthaitheacha agus cur ar chumas ár ndaoine óga a bheith faoi rath, agus leas a bhaint as a scileanna cruthaitheacha mar uirlis foghlama chumhachtach.
Táimid ag súil le dul chun cinn an 150 scoil cheannródaíoch seo, agus na Comhlaigh Chruthaitheacha a oibreoidh leo, a leanúint sna míonna seo romhainn. Teastaíonn uainn foghlaim uathu agus bealaí a fhiosrú inar féidir linn an cleachtas is fearr agus na torthaí is tábhachtaí a roinnt agus a leabú le gach scoil sa tír faoi 2022.”
Ag labhairt di ag an seoladh inniu, dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon “Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do thacú le scoileanna chun glacadh go hiomlán leis na healaíona agus leis an gcruthaitheacht. Mar a léiríodh i dtaighde arís agus arís is meán cumhachtach atá sna healaíona trínar féidir le leanaí agus daoine óga cumarsáid agus comhoibriú a fhiosrú, a samhlaíocht a spreagadh agus a bhfiosracht a chothú. Scileanna ríthábhachtacha iad seo atá le foghlaim ag gach duine óg.
Tá foireann Scoileanna Ildánacha na Comhairle Ealaíon ag obair go crua le bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus ionaid Ógtheagmhála ar fud na tíre le tacú leo réimse leathan gníomhaíochtaí cruthaitheacha a chur ar fáil do scoláirí. Tá an freagra ó scoileanna a bhfuil suim acu ann iontach agus tá áthas orainn a bheith in ann Clár Scoileanna Ildánacha a fhorchéimniú in 150 scoil ar fud na tíre. Tá a gcláir uathúla féin ina gcuirtear na healaíona agus an chruthaitheacht i gcroílár chlár foghlama na scoile deartha ag na scoileanna seo, lenár dtacaíocht.
Glacfaidh suas le 150 scoil ar fud na tíre páirt sa chlár píolótach agus oibreoidh siad le healaíontóirí, cleachtóirí cruthaitheacha agus oideachasóirí chun a gclár uathúil féin de shaothar ealaíne agus cruthaitheach a fhorbairt, á gceangal le raon iomlán acmhainní agus deiseanna áitiúla agus réigiúnacha.
Anuas air sin, gheobhaidh na scoileanna ar fad raon tacaíochtaí breise lena n-áirítear deontas aonuaire €2,000 agus oiliúint do mhúinteoirí sa scoil.
Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar http://www.artscouncil.ie/ga/scoileanna-ildánacha/
←Fill ar ais go dtí an nuacht