Tháinig stiúrthóirí Chomhairlí Ealaíon na hÉireann, Thuaisceart Éireann, na hAlban, na Breataine Bige agus Shasana le chéile i mBaile Átha Cliath inniu le rabhadh a thabhairt faoi na rioscaí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann d'eagraíochtaí ealaíon agus d’ealaíontóirí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar an mBreatimeacht.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt Stiúrthóir Chomhairle Ealaíon na hÉireann, Orlaith McBride; “Is cúis mhór imní é an Breatimeacht dúinne atá ag iarraidh na naisc chultúrtha láidre idir ealaíontóirí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe a chaomhnú. Tá sé ríthábhachtach don tsamhail gnó atá ag go leor eagraíochtaí cultúrtha sa tír seo go mbeifear in ann taisteal idir an Ríocht Aontaithe agus Éire le fógra gairid. Is daoine soghluaiste iad ealaíontóirí a fhaigheann spreagadh ón gcomhoibriú. Ní léir cén tionchar a bheidh ag an mBreatimeacht ar shaorghluaiseacht ealaíontóirí agus is údar imní é sin dúinn. Tá comhpháirtíochtaí láidre agus táirgiúla á gcothú ag ealaíontóirí Éireannacha le heagraíochtaí cultúrtha agus le pobail ealaíonta atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe le blianta fada anuas. Ní féidir linn ligean do na comhpháirtíochtaí sin dul in éag nó éirí sáinnithe i dtromluí maorlathach. Beimid in ann na rudaí seo a shocrú a luaithe a fhaighimid soiléireacht ar chomhaontú an Bhreatimeachta.”
Chas na stiúrthóirí le chéile ag oifigí Chomhairle Ealaíon na hÉireann mar chuid den chruinniú Cúig Náisiún a bhíonn ar siúl gach bliain. Pléadh saincheisteanna eile ag an gcruinniú chomh maith, lena n-áirítear todhchaí na gcomhpháirtíochta idirnáisiúnta, cuir chuige éagsúla chun tacú le healaíontóirí aonair, an daonlathas cultúrtha agus camchuairteanna trasteorann.
Áirítear i measc na ndaoine a d’fhreastail ar an gcruinniú Orlaith McBride, Chomhairle Ealaíon na hÉireann; Roisin McDonough, Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann; Nick Capaldi, Chomhairle Ealaíon na Breataine Bige; Iain Munro, Chomhairle Ealaíon na hAlban agus Darren Henley Chomhairle Ealaíon Shasana.
←Fill ar ais go dtí an nuacht