Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (UCC), agus leis an Scoil Scannánaíochta, Ceoil agus Amharclannaíochta (UCC), ceapachán Nollaig Casey, taibheoir agus cumadóir a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi, mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe i gColáiste na hOllscoile Corcaigh in 2021. Cuirfidh Casey sraith ceolchoirmeacha, ceardlann agus ranganna i láthair i rith a cónaitheachta bliana, ag tosú i mí Eanáir 2021.
Is í an Scoil Scannánaíochta, Ceoil agus Amharclainne in UCC a óstálfaidh Casey, áit atá ceannródaíoch ó thaobh cheol agus dhamhsa traidisiúnta na hÉireann le blianta fada. Is cuid ríthábhachtach den léann ceoil san ollscoil é an ceol traidisiúnta. Seasann sé gualainn ar ghualainn le ceol clasaiceach, le ceol pobail, le snagcheol agus le ceol domhanda de chineálacha éagsúla, lena n-áirítear ensemble gamalan Iávach a bhfuil dea-cháil i bhfad is i ngearr air. Cuirfidh foireann ealaíontóirí traidisiúnta atá aitheanta ar fud an domhain fáilte ó chroí roimpi, lena n-áirítear Máire Ní Chéilleachair, Bobby Gardiner, Connie O'Connell, Margaret McCarthy, Colm Murphy, Conal Ó Gráda, Niall Vallely, Mary Mitchell-Ingoldsby agus Tríona Ní Shíocháin.
Tá Nollaig Casey ar cheann de na fidléirí is mó cáil as Éirinn, agus tá cáil idirnáisiúnta uirthi as sármhaitheas i réimse cheol traidisiúnta na hÉireann. Tá an-taithí aici ar stíleanna léirithe ceoil traidisiúnta agus clasaiceacha, agus sheinn sí agus thaifead sí le Planxty, Enya, Van Morrison, Arty McGlynn, Liam O’Flynn, Alison Krauss, Rod Stewart, Dónal Lunny, agus neart daoine eile nach iad. Sheinn sí ar feadh na mblianta fada i ndíséad lena fear céile, an giotáraí cáiliúil Arty McGlynn (nach maireann), seinneann sí mar aoi go minic le ‘Cherish the Ladies’, agus seinneann sí lena deirfiúracha Máire agus Mairéad Ní Chathasaigh mar ‘The Casey Sisters’. Tá sí, in éineacht lena deirfiúr Máire, ina hábhar do chlár faisnéise nua TG4, ‘Sé Mo Laoch’, ina dtugtar cur síos ar a saol sa cheol.
Agus an cháil chéanna uirthi mar chumadóir, tugadh coimisiún di le déanaí in éineacht lena deirfiúracha Máire agus Mairéad, chun 45 nóiméad de cheol nua a scríobh le haghaidh chomóradh daichead bliain Fhéile Chorcaí. Corcach: A Journey is teideal dó, agus is cur síos i gceol é ar stair chathair Chorcaí, agus cuireadh ar an ardán den chéad uair é i mí Dheireadh Fómhair 2018. Chomh maith le foinn bhinne agus poirt dhamhsa nua, tá dhá dhán ann ó thús an 19ú haois – i mBéarla agus i nGaeilge araon – curtha le ceol nua ag Nollaig. Tá clú agus cáil forleathan ar a cuid cumadóireachta: úsáideadh Twins on A Swing mar cheol aitheantais don tsraith teilifíse cúig pháirt ‘Sult’ de chuid RTÉ/TG4, agus rinneadh go leor ealaíontóirí na ríleanna The Mouseskin Shoe, Dancing in Allihies, agus Causeway a thaifeadadh agus úsáideadh mar cheol aitheantais iad ar RTÉ Raidió 1. Taifeadadh Lios Na Banríona i dtosach ar ‘Causeway’, a halbam díséid a bhfuil cáil chriticiúil air lena fear céile, an giotáraí Arty McGlynn, agus tá sé taifeadta anois ag ealaíontóirí in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus i SAM, lena n-áirítear an ‘West Ocean String Quartet’ iomráiteach. Áirítear lena saothar is mó cáil The Silver Strand agusThe Beehive (ríleanna) a ndearna an banna ‘Lúnasa’, ar a bhfuil cáil ar fud an domhan, taifeadadh orthu, mar aon le grúpaí eile.
Sheinn sí ar níos mó ná céad taifeadadh, agus sheinn sí ina haonar i roinnt príomhscannán, lena n-áirítear Hear My Song, Waking Ned agus Dancing at Lughnasa. Bíonn sí ag craoladh go minic, thaifead sí dhá albam a bhuaigh duaiseanna lena fear céile, Arty McGlynn, ‘Lead The Knave’ (buaiteoir Ghradam Ealaíon agus Siamsaíochta de chuid an Belfast Telegraph 1992) agus ‘Causeway’; thaifead sí albam aonair, ‘The Music of What Happened’, dhá albam ceathairéid, ‘Heartstring Sessions’, agus le déanaí, thaifead sí albam lena beirt deirfiúracha, ‘Sibling Revelry’, agus fuair na halbaim go léir ardmholadh. Bronnadh Duais Chuimhneacháin Arthur Darley, gradam an-chlúiteach, ar Nollaig ag Feis Cheoil Bhaile Átha Cliath as Bach Sonatas agus Partitas a sheinm gan tionlacan. Ghnóthaigh sí BMus i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, agus MA sa cheoleolaíocht stairiúil (le gradam) ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Cuireann sé áthas croí ar fhoireann agus ar mhic léinn Roinn an Cheoil, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, fáilte mhór a chur roimis an gceoltóir eisceachtúil iomráiteach, Nollaig Ní Chathasaigh, agus táthar ag tnúth go mór leis an mbliain atá romhainn i dteannta a chéile.
‘Nollaig’s performance was stunning for its sheer musical artistry, seducing some into quiet amazement and inducing others to insist on encore after encore…’ –The Irish Times
←Fill ar ais go dtí an nuacht