Tá uair an chóid dhomhanda ag teach agus tá Microsoft ag spreagadh an náisiuín le bheaith páirteach ann
Tá Microsoft chun príomhimeacht a óstáil ag a Champas i mBaile Átha Cliath an 8 Nollaig
Seisiún oiliúna do mheantóirí á reáchtáil an 19 Samhain
Tá an t-imeacht domhanda, Uair an Chóid, a reáchtálann Code.org le bheith ar siúl an 8 Nollaig. Agus é ina thacadóir platanaim ar an tionscnamh domhanda, tá príomhról ag Microsoft in Éirinn chun cabhrú le feasacht a mhúscailt ar an bhfeachtas agus chun an oiread deiseanna agus is féidir a chruthú do dhaoine – idir óg agus aosta – chun blas a fháil den mhéid atá i gceist le códú.
Agus é ag oibriú go díreach le Digital Schools, Junior Achievement, an Chomhairle Ealaíon agus CoderDojo, tá Microsoft ag iarraidh an oiread imeachtaí agus is féidir a eagrú agus a chlárú in Éirinn le haghaidh an 8 Nollag. Is é uaillmhian dhomhanda an chláir go bhfoghlaimeoidh deich milliún dalta le códú an lá sin. Tá sprioc 10,000 ag Microsoft i gcás na hÉireann. Ní thig linn a rá go dtí go mbíonn an t-imeacht thart cé acu ar baineadh nó nár baineadh an sprioc sin amach. Bheadh thart ar 3,000 dalta páirteach i gcéad imeacht. Cé go ndírítear ar dhaltaí den chuid is mó, tá Microsoft ag iarraidh an deis a thabhairt do dhaoine eile freisin an códú a fhoghlaim – daoine a bhfuil an t-oideachas curtha díobh cheana féin agus a bhfuil feidhmeanna éagsúla á gcomhlíonadh acu ar fud an gheilleagair agus na sochaí.
Arsa Cathriona Hallahan, Stiúrthóir Bainistíochta le Microsoft Ireland, faoi na hiarrachtaí sin: “Teanga idirnáisiúnta é an códú ar féidir úsáid agus leas a bhaint as beag beann ar an áit a gcónaíonn tú nó a n-oibríonn tú nó ar na rudaí a bhfuil dúil agat iontu. Creidimid go bhfuil foghlaim an chódúcháin chomh tábhachtach céanna le foghlaim na gcroí-ábhar ar scoil. Mar thoradh ar Uair an Chóid, ba mhaith linn an oiread deiseanna agus is féidir a thabhairt do dhaoine chun blas a fháil den chódú trí chúrsa saincheaptha a mhaireann 60 nóiméad.
“Cé go ndíreofar ar dhaltaí den chuid is mó, ba mhaith linn daoine níos sine, daoine ealaíonta agus cruthaitheacha agus daoine a bhfuil róil ghairmiúla acu a spreagadh freisin – go háirithe iad siúd nach bhfuil liteartha ó thaobh TF de – le bheith páirteach agus le triail a bhaint as an gcódú. Tá an códú ar aon dul leis an bhfilíocht dar le roinnt daoine, agus creidimid dá mbainfeadh daoine triail as go bhféadfaidís an-dúil a chur ann agus go gcruthófaí flúirse deiseanna dóibh, is cuma má tá siad ar an saol le 4 bliana nó le 104 bliain.”
D’fhonn cúnamh a thabhairt do dhaoine ullmhú faoi choinne na n-imeachtaí an 8 Nollaig, tá Microsoft ag reáchtáil seisiún oiliúna do mheantóirí ag a champas in Microsoft an 19 Samhain. Tabharfar daoine tríd an modúl a mhaireann uair an chloig sa seisiún sin agus beifear in ann é a úsáid an 8 Nollaig. Tá tuilleadh sonraí le fáil ar www.hourofcode.org/ie.
Agus í ag labhairt faoi na pleananna le haghaidh Uair an Chóid, mhaígh Mary Moloney, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin leis an CoderDojo Foundation: “Táimid ag súil le lá spreagúil an 8 Nollaig agus tá súil againn go nglacfaidh daoine ar fud na tíre páirt ann agus go mbainfidh siad triail as an gcódú an lá sin. A bhuíochas le tacaíocht ó chuideachtaí fearacht Microsoft, táimid dóchasach go spreagfar suim sa chódú trasna na hÉireann agus níos faide i gcéin.”
Tá Microsoft ag spreagadh duine ar bith ar spéis leo imeacht a óstáil é a chlárú ar www.hourofcode.org/ie agus a bpleananna a chur in iúl d’fhoireann na hÉireann trí ríomhphost a sheoladh chuig Cillian@q4pr.ie.
Tabharfaidh cuid mhór den 1,200 fostaí atá in Microsoft agus líonra CoderDojo, Junior Achievement, Digital Schools agus an Chomhairle Ealaíon cúnamh eagrúcháin agus tacaíocht ag imeachtaí Uair an Chóid an lá sin.
Eagrófar ceann de phríomhimeachtaí an lae in oifigí na Comhairle Ealaíon i gCearnóg Mhuirfean. Díreofar san imeacht sin ar ghné chruthaitheach an chódúcháin agus ar a dtugann sé do phobal na n-ealaíon.
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, an méid seo a leanas faoin tionscnamh: “Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon a bheith ag obair i gcomhpháirt le Microsoft Ireland ar Uair an Chóid. D’imir earnáil na n-ealaíon tionchar mór ar an gcruthaitheacht agus ar an nuálaíocht sa teicneolaíocht riamh anall. Ar an dóigh chéanna, d’imir forbairt na teicneolaíochta tionchar mór ar na healaíona; is breá le roinnt ealaíontóirí cód a úsáid ina gcuid saothair. Baineann go leor ealaíontóirí agus ionad leas as suíomhanna Gréasáin agus as aipeanna chun a saothar a roinnt agus a chur i láthair an phobail. Rinne an Chomhairle Ealaíon a cuid freisin le déanaí tríd an suíomh Gréasáin,Culturefox.ie, a nuashonrú. Suíomh é sin inar féidir sonraí faoi imeachtaí ealaíon a phostáil. Táimid ag tnúth le níos mó a fhoghlaim faoin gcódú ach imeacht Uair an Chóid a reáchtáil.”
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Uair an Chóid, logáil isteach ar www.hourofcode.org/ie.
←Fill ar ais go dtí an nuacht