Fógraíodh inniu, Dé Máirt, an 17 Bealtaine 2016, gurb é an t-údar agus an maisitheoir PJ Lynch ceathrú Laureate na nÓg, arb é laureate na hÉireann é le haghaidh na litríochta do pháistí, ag imeacht speisialta in oifigí na Comhairle Ealaíon i gCearnóg Mhuirfean. Ba é an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn a rinne an fógra.
Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon is ea Laureate na nÓg a bhfuil tacaíocht aige ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, ó Leabhair Pháistí Éireann agus ó Éigse Éireann. Bunaíodh an onóir chun cur le rannpháirtíocht daoine óga i litríocht ardchaighdeáin do pháistí agus chun béim a chur ar a thábhachtaí atá litríocht do pháistí inár saol cultúrtha agus samhlaíoch.
Rugadh PJ Lynch i mBéal Feirste agus ghlac sé spéis san ealaín ag aois an-óg. Tá sé ag obair mar mhaisitheoir leabhar pictiúr do pháistí ó d’fhág sé an Brighton College of Art i Sasana i 1984 agus tá os cionn scór leabhar maisithe aige, lena n-áirítear leaganacha nua-aimseartha de shárshaothair mar A Christmas Carol le Charles Dickens agus The Snow Queen le Hans Christian Andersen.
D’éirigh le PJ an Bonn Christopher a bhuachan trí huaire agus bhuaigh sé Bonn Kate Greenaway a bhfuil ardchlú air faoi dhó: an chéad cheann le haghaidh The Christmas Miracle of Jonathan Toomey le Susan Wojciechowski agus an dara ceann le haghaidh When Jessie Came Across the Sea le Amy Hest. Ba é A Bag of Moonshine le Alan Garner an chéad leabhar maisithe a bhí ag Lynch, bailiúchán de scéalta béaloidis ó Shasana agus ón mBreatain Bheag, a foilsíodh i 1986 agus a bhuaigh an Gradam Mother Goose, a thugtar don duine nua is fearr sa mhargadh maisiúchán leabhar páistí i Sasana. Ó shin i leith, bhí an béaloideas – scéalta traidisiúnta, finscéalta, agus síscéalta – le feiceáil go mion minic ina shaothar. I measc na leabhar a mhaisigh sé le déanaí bhí Mysterious Traveller,Once upon a Place, a thiomsaigh Laureate na nÓg roimhe seo Eoin Colfer agus The Boy who Fell off the Mayflower, an chéad leabhar a scríobh sé freisin. Cuireadh an leabhar ar an ngearrliosta i gcomhair go leor gradam. In 2017, foilseofar Patrick and the President, an saothar a rinne sé i gcomhar le Ryan Tubridy maidir le cuairt John F. Kennedy ar Éirinn.
Ag labhairt dó faoina cheapachán mar Laureate na nÓg, dúirt PJ Lynch: “Táim fíor-mhórtasach gur mé an Laureate nua, agus tá sé seo ar cheann de na hócáidí is breátha de mo shlí bheatha go dtí seo. Táim ar bís chun iniúchadh a dhéanamh ar an draíocht a tharlaíonn nuair a thagann focail agus pictiúir le chéile. Beidh “An Pictiúr Mór” mar théama agam mar Laureate na nÓg – tá sé i gceist agam podchraoladh rialta a dhéanamh ina ndéanfaidh mé líníocht bheo nó trácht ar theicnící taispeántais agus tabharfaidh mé cuireadh d’aíonna labhairt faoi cad is maith leo féin a tharraingt. Ba bhreá liom freisin íomhá a bheadh mar sainchomhartha tíre a chruthú in áit fheiceálach nó
in áiteanna in Éirinn mar mheabhrú buan ar chumhacht na bpictiúr chun an tsamhlaíocht a spreagadh.”
Mhaígh Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Nuair a chuir an Chomhairle Ealaíon an gradam seo ar bun in 2010, is beag a cheapamar go rachadh Laureate na nÓg i gcion ar dhaoine chomh mór is a chuaigh sé nó an tionchar mór a bheadh aige. Idir Leabharlann Idirnáisiúnta Laureate Siobhán Parkinson go dtí Pictiúr Niamh Sharkey do Once upon a Place Eoin Colfer – d’fhág gach Laureate oidhreacht bhríomhar chruthaitheach agus thug siad inspioráid do ghlún nua léitheoirí, scríbhneoirí agus maisitheoirí.” Dúirt sí freisin: “Tá bród agus ríméad orainn gurb é an t-údar agus an maisitheoir iomráiteach PJ Lynch ceathrú Laureate na nÓg dár gcuid. Déantóir leabhar pictiúr a bhfuil bua thar cuimse aige agus a bhfuil ardmheas air, chuaigh PJ i gcion ar lear mór daoine óga agus a dteaghlaigh cheana féin. Táimid ar bís go bhfeicfidh níos mó daoine fiú a shaothar agus a phaisean tríd an tionscnamh seo.”
Dúirt Bob Collins, Cathaoirleach, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann: “Is dóigh thábhachtach é Laureate na nÓg chun tuilleadh aitheantais a thabhairt don tábhacht a bhaineann le litríocht do pháistí agus beogacht na samhlaíochta i bpáistí. Is iad ár ndaoine óga an chéad ghlúin eile d’ealaíontóirí a thabharfaidh deis cainte do dhaoine a mhair ar an oileán seo agus níos faide ó bhaile, mar sin tugaimis inspioráid dóibh agus cuirimis borradh faoina gcruthaitheacht le cúnamh ónár bpríomhscríbhneoirí agus ónár bpríomh-mhaisitheoirí. Is rogha inspioráideach é an fógra gurb é PJ Lynch an ceathrú duine a roghnaíodh mar Laureate na nÓg ar an oileán seo agus tá ríméad ar Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann tacú leis an ngradam seo in éineacht lenár gcomhghleacaithe sa Chomhairle Ealaíon.”
Dúirt Jenny Murray, an Stiúrthóir Gníomhach ar Leabhair Pháistí Éireann: “Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh PJ mar cheathrú Laureate na nÓg in Éirinn. Tá saothar den scoth cruthaithe aige i leabhair phictiúir Éireannacha sa bhaile agus thar lear agus corpas saothair den scoth aige, a bhfuil aitheantas agus duaiseanna bainte amach aige ag an leibhéal is airde dá bhfuil ann. Tá aithne againn ar PJ le blianta fada agus d’oibríomar leis agus táimid ag tnúth go mór le feiceáil cad a thiocfaidh as tionscadal Laureate na nÓg. Is onóir mhór é atá tuilte go maith aige.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht