An chéad
chomhdháil maidir leis na healaíona agus rialtas áitiúil i gCaisleán Bhaile
Átha Cliath
Tá an Chomhairle
Ealaíon agus Rialtas Áitiúil ag reáchtáil comhdháil chomhpháirteach mhór inniu
ina bhfuil plé á dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le hinfheistíocht phoiblí sna
healaíona cur le forbairt pobal áitiúil atá inbhuanaithe agus comhtháite.
Tá os cionn 280
ionadaí ó chomhlachtaí poiblí agus ó eagraíochtaí ealaíon ag freastal ar an
ócáid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Tá príomhchainteoirí ina measc ar nós
an tsaineolaí cultúir idirnáisiúnta, an tOllamh Geoffrey Crossick, an Aire
Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Simon Coveney, agus an Ollaimh le
hEacnamaíocht i gColáiste na Tríonóide, an tOllamh John O’Hagan.
Tá an t-imeacht
mar an chéad chomhdháil de chuid na Comhairle Ealaíon agus Rialtais Áitiúil na
hÉireann agus tá sé ann mar thoradh ar an gcomhaontú stairiúil 10 mbliana a shínigh
an dá eagraíocht ar na mallaibh ar mhaithe le comhoibriú lena chéile ar
bhealach níos straitéisí.
Tá sé mar aidhm
ag an gcomhdháil seo freisin cur leis na forbairtí a rinneadh le déanaí, mar
shampla, Cultúr 2020, Éire Chruthaitheach agus an Clár Comórtha Céad Bliain ar
1916. Ina theannta sin, déanfar iniúchadh lena linn ar an gcaoi a bhféadfaidh
an dá earnáil bealach chun tosaigh a leagan amach ar mhaithe le forbairt
chultúir agus ealaíne a fhí níos mó le tosaíochtaí infheistíochta agus
beartais.
Mhaígh Sheila
Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Tá an chomhdháil mar an chéad
cheann i sraith idirghabhálacha comhpháirteacha nua lenár gcomhpháirtithe sa
rialtas áitiúil. Tacófar le naisc níos dlúithe agus níos suntasaí idir pobail,
scoileanna, ospidéil, leabharlanna, ionaid ealaíon, agus na healaíontóirí a
bhíonn ag obair iontu.
“Ag teacht sna
sála ar bhliain an chomóraidh, ina raibh léiriú cultúrtha agus an tsaoránacht
ina ngné thábhachtach den fhreagairt náisiúnta agus de na hócáidí comórtha,
beidh an saoránach i gcroílár phlé na comhdhála ar thodhchaí chultúrtha na
hÉireann.
“Mar gheall ar
‘Tá Tábhacht le hÁiteanna’, is mian linn féachaint as an nua ar dhéimeagrafaic,
tíreolaíocht agus an teacht ar theicneolaíochtaí nua, chomh maith le ról an
ealaíontóra atá ag athrú i bhfianaise cleachtais nua: féadfaidh na hathruithe
sin uile dul i bhfeidhm i bhfeidhm ar dhaoine beag beann ar an áit a bhfuil
cónaí orthu, agus is cinnte go dtarlóidh a leithéid.
Dúirt an
tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Simon Coveney: “Tá
ról ríthábhachtach ag na healaíona agus an cultúr maidir le hathmhuintearas a
chothú agus le daoine a thabhairt le chéile ar bhealach inbhuanaithe
comhtháite. Má táimid chun cinnte a dhéanamh de go bhféadfaidh pobail áitiúla
sochar a bhaint as infheistíocht san earnáil, caithfimid tuiscint níos fearr a
fháil ar luach na n-ealaíon agus, níos tábhachtaí fós, ar an tslí a dtéann siad
i gcion ar an tsochaí.
“Is deis iontach
í comhdháil an lae inniu chun tús a chur le comhrá ar na saincheisteanna seo.
Is cúis áthais dom go bhfuil struchtúr foirmiúil i bhfeidhm a chuirfidh ar ár
gcumas saineolas, acmhainní agus eolas fairsing earnáil na n-ealaíon agus
earnáil an rialtais áitiúil a roinnt ionas go mbainfear níos mó torthaí amach
do phobail.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht