Ráiteas ó Chathaoirleach na Comhairle Ealaíon ar Buiséad 2019
Chuir Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Sheila Pratschke, fáilte roimh an bhfógra a rinne an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan go bhfuil maoiniú €75m á thabhairt don Chomhairle Ealaíon le haghaidh 2019.
Ag labhairt di inniu, dúirt an tUasal Pratschke, “Táimid ríméadach leis an bhfógra go bhfuil €75m á thabhairt dúinn le haghaidh 2019 ar méadú beagnach €7m é ar an maoiniú a fuaireamar in 2018. Seo méadú ollmhór ar an infheistíocht sna healaíona agus léiríonn sé go dtuigeann an Rialtas i ndáiríre ról tábhachtach na n-ealaíon inár saol agus i saol na tíre. Deimhnítear leis an infheistíocht seo tiomantas an Rialtais chun na healaíona agus an cultúr a chur i gcroílár bheartas an Rialtais agus neartaítear tuilleadh na huaillmhianta atá leagtha amach sa tionscadal Éire 2040 agus Éire Domhanda 2025.
Tabharfaidh €75m deis don Chomhairle Ealaíon bogadh ar aghaidh go muiníneach, tacaíocht bhreise a thabhairt d’ealaíontóirí, cur ar chumas eagraíochtaí saothar den scoth a chruthú agus beidh deis ag daoine ar fud na tíre rochtain a fháil ar eispéiris ealaíon ar ardchaighdeán.
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Madigan as a diongbháilteacht cás a dhéanamh maidir le riachtanais na hearnála sa chur is cúiteamh ar an mbuiséad le déanaí”.
←Fill ar ais go dtí an nuacht