Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, agus í ag labhairt inniu faoin maoiniú a thabharfar don Chomhairle Ealaíon do 2018: "Tá an-díomá ar an earnáil ealaíon inniu faoin leithdháileadh airgid do na healaíona a fógraíodh i gCáinaisnéis 2018. Beimid ábalta ár ngealltanais reatha a shásamh leis an maoiniú €68 milliún ach cuirfidh sé srian mór ar ár gcuid iarrachtaí chun níos mó tacaíochta a thabhairt d'ealaíontóirí agus d'eagraíochtaí ar fud na tíre. Tá bliain an-deacair i ndán dúinne agus do na dreamanna éagsúla a dtugaimid maoiniú dóibh. Mar sin féin, táimid muiníneach go seasfaidh an Taoiseach agus an rialtas lena ngealltanas an méid maoinithe a thabharfar don earnáil ealaíon agus chultúir a dhúbailt faoin mbliain 2024. Leanfaimid orainn ag obair leis an Aire Humphreys agus leanfaimid orainn ag moladh na hinfheistíochta méadaithe seo san earnáil ealaíon agus chultúir. Teastaíonn gealltanas ón rialtas uainn go mbeidh ardú suntasach ar ár n-infheistíocht ó 2019 ar aghaidh."
←Fill ar ais go dtí an nuacht