D’fháiltigh an Chomhairle Ealaíon inniu roimh an scéala go bhfuil sí chun deontas €65.1 milliún a fháil ón Rialtas le haghaidh 2017, sin méadú suntasach 8% ar fhigiúr 2016.
Ag labhairt di inniu, dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, “Is vóta mór muiníne sa Chomhairle Ealaíon é seo agus inár straitéis nua, Making Great Art Work, agus in earnáil na n-ealaíon in Éirinn. Tugtar aitheantas ann freisin don tairbhe tábhachtach a bhaineann daoine ar fud na hÉireann as na healaíona. Cuirimid fáilte roimh an bhfócas leanúnach atá á thabhairt ag an Rialtas do na healaíona agus do chúrsaí cultúir mar oidhreacht don Chlár mór Cuimhneacháin in 2016. Cuirimid fáilte go háirithe roimh an obair chrua agus an tiomantas mór a léirigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, chun an méadú sin a fháil le haghaidh mhaoiniú na n-ealaíon i bpróiseas buiséid a bhí an-iomaíoch go deo”.
←Fill ar ais go dtí an nuacht