Tá glao oscailte do cheapachán mar Choimisinéir don 56ú Biennale Idirnáisiúnta Ealaíon sa Veinéis in 2015 eisithe ag rannóg Chultúr Éireann na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Beidh an Coimisinéir freagrach as cur i láthair náisiúnta na hÉireann ag Biennale na Veinéise 2015 a chur i gcrích, agus an chamchuairt náisiúnta a tharlóidh ina dhiaidh sin in 2016.
Tá cáil ar an Taispeántas Idirnáisiúnta Ealaíon - La Biennale di Venezia - le fada an lá mar an chéad sárthaispeántas do na hamharcealaíona ar domhan agus cuireann sé deis iontach ar fáil d'ealaíontóirí na hÉireann a bpróifíl a ardú agus a ndeiseanna idirnáisiúnta a mhéadú. Is sárthaispeántas domhanda d'ealaíontóirí é La Biennale di Venezia a chuireann ardán feiceálach ar fáil d'ealaíontóirí na hÉireann chun teagmháil a dhéanamh le lucht féachana idirnáisiúnta agus coimeádaithe agus lucht gailearaithe idirnáisiúnta.
Ba bhliain thar a bheith bríomhar d'ealaín na hÉireann Biennale na bliana anuraidh sa Veinéis. D'éirigh thar cionn le The Enclave le Richard Mosse agus mheall sé breis is 78,000 cuairteoir agus bhain sé ainmniúchán amach do Dhuais Ghrianghrafadóireachta Deutsche Borse 2014.Tá an taispeántas seo ar siúl san Acadamh Ibeirneach Ríoga i mBaile Átha Cliath agus osclóidh sé ag Teach Ormston mar chuid de Chathair Chultúir Luimnigh ar an 28ú Márta 2014.
Is é 5pm ar an 24 Márta 2014 an spriocdháta do na hiarratais ar cheapachán an Choimisinéara. Tá sonraí le fáil ar http://www.cultureireland.ie/.
←Fill ar ais go dtí an nuacht