Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon, an ghníomhaireacht stáit a bhfuil an cúram uirthi na healaíona a fhorbairt, a fhógairt go bhfuil 11 shaothar nua curtha aici lena Bailiúchán a gheobhaidh lucht féachana ar fud na tíre deis a fheiceáil.
Is iad seo a leanas na healaíontóirí a bhfuil saothar dá gcuid curtha leis an mBailiúchán: Michelle Browne, Genieve Figgis, Joy Gerrard, Dragana Jurisic, Barbara Knezevic, Sarah Pierce, Eva Rothschild agus Michael John Whelan.
Tá beagnach 1,100 saothar ealaíne nua-aimseartha agus comhaimseartha na hÉireann sa Bhailiúchán agus is iad seo na cinn is déanaí atá curtha le nós fada na Comhairle saothar ealaíne uaillmhianach den scoth a cheannach a léiríonn cleachtas na n-ealaíontóirí atá ag obair in Éirinn i láthair na huaire.
I measc na saothar tá péintéireacht, dealbhóireacht, grianghrafadóireacht, suiteálacha físe agus ilmheán agus tógadh na míreanna nuacheannaithe ón speictream cleachtais amharcealaíon comhaimseartha ar fad agus beidh siad ar fáil don phobal ar fud na tíre mar chuid de chlár leanúnach Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon de thaispeántais, iasachtaí agus tionscadail.
Ag fógairt na gceannachán dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon:
‘Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon an 11 shaothar nua seo a chur lena Bailiúchán agus leanúint dá traidisiún ag ceannach saothar ealaíne comhaimseartha den scoth do dhaoine ar fud na hÉireann. Le trí scór bliain anuas tá fás tagtha ar Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon go dtí beagnach 1100 saothar agus is mór mar a chuirfidh na saothair nua seo leis an stair shaibhir sin.
Comhlíonann na saothair nua seo príomhthosaíochtaí na Comhairle Ealaíon maidir le tacú le healaíontóirí agus rannpháirtíocht an phobail leis na healaíona mar atá leagtha amach ina straitéis deich mbliana – Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon a Threorú.”
Gheofar go foirmiúil na saothair nua seo le cur isteach sa Bhailiúchán agus cuirfear ar fáil don phobal iad trína gcur ar taispeáint in ionaid ar fud na hÉireann agus tríd an suíomh gréasáin tiomnaithe do Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon.
Sna blianta beaga seo amach romhainn, leanfaidh an Chomhairle Ealaíon ag cur leis an mBailiúchán agus ag leathnú a clár taispeántas, iasachtaí agus comhpháirtíochta atá dírithe ar lucht féachana ar fud na tíre a éascú chun sult a bhaint as na saothair iad féin agus a bheith ag gabháil dóibh.
Liosta de na saothair a fuarthas:
Michelle Browne Mná na hÉireann, 2016
Genieve Figgis The Lover crowned (after Fragonard), 2018
Joy Gerrard Protest Crowd, Chicago USA, Trump Rally 1, (2016), 2017
Protest Crowd, Chicago, USA, Trump Rally 2,(2016), 2017
Dragana Jurisic 100 Muses, 2015
Barbara Knezevic Exquisite tempo sector, 2017
Sarah Pierce Intelligence of the Measured Hand, 2014
Eva Rothschild Trophy, 2014
Michael John Whelan Darkness had no need (1), 2017
Darkness had no need (2), 2017
Darkness had no need (3), 2017
←Fill ar ais go dtí an nuacht