Beidh 31 saothar amharc-ealaíon ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ar taispeáint do bhaill foirne, d’othair agus do chuairteoirí in Ospidéal Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath. Roghnaigh baill foirne na saothair, agus cuirfear ar taispeáint iad i spásanna poiblí ar fud an ospidéil, pasáistí, forhallaí, agus spásanna d’othair ina measc.
Tá an tionscnamh seo ón gComhairle Ealaíon, an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as forbairt na n-ealaíon, mar chuid de chlár leanúnach de thaispeántais, iasachtaí agus tionscadail. Deir an Ghníomhaireacht gur féidir le saothar ealaíne an timpeallacht chliniciúil a bhogadh agus a bhreisiú d’othair, do chuairteoirí agus don fhoireann; go gcuidíonn sé le daoine a mbealach a dhéanamh timpeall trí shainchomharthaí a chur ar fáil; go dtarraingíonn sé aird othar agus cuairteoirí agus go dtugann sé compord dóibh; agus go mbreisíonn sé folláine.
Dúirt Martin O’Sullivan, Leas-Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Is deis iontach é seo don Chomhairle Ealaíon roinnt de na saothair óna bailiúchán a chur ar fáil don phobal. Beidh deis ag othair, ag baill foirne agus ag cuairteoirí san ospidéal féachaint ar na saothair seo lena súile féin mar thoradh ar an iasacht seo, in go leor cásanna beidh siad ina lucht féachana nua ag na healaíontóirí agus b’fhéidir go bhfaighidh siad faoiseamh, compord agus nasc sa timpeallacht ghnóthach, chliniciúil.”
Dúirt Kay Connolly, Príomhfheidhmeannach Ospidéal Naomh Uinseann:
“Tá áthas orainn gur thug an Chomhairle Ealaíon an deis seo dúinn bailiúchán álainn a thaispeáint ar na ballaí agus sna pasáistí timpeall an ospidéil. Tá na saothair ar taispeáint i limistéir phoiblí agus ar bhardaí áit a bhfuil seans níos mó go bhfeicfidh na hothair, an fhoireann agus cuairteoirí iad agus go mbainfidh siad taitneamh astu, agus cheana féin táimid ag fáil aiseolas an-dearfach fúthu.”
Tugtar deis d’ealaíontóirí trí shaothair ealaíne agus cláir ealaíne i socrúcháin chúram sláinte teagmháil a dhéanamh le lucht féachana nua ar bhealaí nua, agus go háirithe le daoine aonair a raibh deacrachtaí acu rochtain a fháil ar na healaíona de bharr drochshláinte.
Thosaigh an Chomhairle Ealaíon ag bailiú saothar sa bhliain 1962 agus é mar aidhm leis tacú go díreach le healaíontóirí Éireannacha. Tá níos mó na 1,000 saothar i mBailiúchán na Comhairle Ealaíon sa lá atá inniu ann, agus tugann an Chomhairle na saothair seo ar iasacht do spásanna poiblí, dánlanna, leabharlanna, scoileanna agus ospidéil ina mesc.
I measc na saothar ealaíne atá ar iasacht tá saothar le roinnt de na healaíontóirí is mó le rá in Éirinn ar nós Michael Farrell, Patrick Hickey agus Estella Solomons.
←Fill ar ais go dtí an nuacht